Scipeáil chuig ábhar

Oideachas ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tairgeann Ard-Mhúsaem na hÉireann bealaí spreagúla agus éagsúla do dhaoine le suim a chur inár mbailiúcháin náisiúnta

Maidir le hOideachas ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tairgeann Ard-Mhúsaem na hÉireann bealaí spreagúla agus éagsúla do dhaoine le suim a chur inár mbailiúcháin náisiúnta. Tá réimse disciplíní inár mbailiúcháin ina gcumhdaítear seandálaíocht, na healaíona maisiúla, stair, eitneagrafaíocht, saol na tuaithe agus stair nádúrtha.
Táimid tiomanta dá chinntiú go bhfuil ár mbailiúcháin leitheadach agus go ngabhfar samhlaíocht gach duine a gcuireann suim iontu leo.
Ag an Músaem, déanaimid ceangail idir ár mbailiúcháin agus saolta na ndaoine ar go leor bealaí. Gach bliain, tugann os cionn milliún duine cuairt ar an Ard-Mhúsaem, agus ghlac níos mó ná 160,000 duine páirt inár gcláir agus seirbhísí Oideachais agus bhain siad úsáid astu in 2018.

Soláthraíonn músaeim rud éigin ar féidir é a roinnt thar phobail, thar na glúnta, thar ghrúpaí éagsúla a mbaineann eispéiris éagsúla leo.”

— Rannpháirtí Comhdhála

Leigh Nios mo
School children visiting the National Museum of Ireland - Country Life
School children visiting the National Museum of Ireland - Country Life
School children visiting the National Museum of Ireland - Country Life

Cad a Dhéanaimid

Ag ár dtrí Mhúsaem i mBaile Átha Cliath agus ceann amháin i Maigh Eo, forbraímid cláir foghlama atá uilechuimsitheach, freagrúil agus ábhartha. Ba mhaith linn foghlaim agus cruthaitheacht a spreagadh i measc na ndaoine a n-oibrímid leo.
 Tá ár gcláir foghlama spreagtha ag na bailiúcháin agus áirítear leo turais, ceardlanna, comhdhálacha agus seimineáir, cainteanna agus léachtaí, acmhainní, tionscadail speisialta fhadtéarmacha agus taispeántais phobail. Comhoibrímid le lear mór daoine aonair agus eagraíochtaí thar réimse earnálacha oideachais, na hóige, sláinte agus na hoidhreachta cultúrtha, lena n-áirítear údaráis áitiúla, i bhforbairt an chláir. Oibrímid chomh maith i gcomhpháirtíocht le dreamanna eile chun cuidiú linn teacht ar lucht spéise úr.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions