Scipeáil chuig ábhar

Turais Ghinearálta agus Speisialaithe

Déan iniúchadh ar an am atá caite dár gcuid le turas ar an Músaem.

Turas Ginearálta

Is é cuspóir an turais ghinearálta réamheolas a sholáthar ar na bailiúcháin laistigh den mhúsaem. Leis an turas ligtear d’idirghníomhú leis na déantáin, agus ár stair á fhiosrú trí na réada sin a aimsiú agus a imscrúdú.
Déantar cuardach leis ar dhéantáin agus ar ghnéithe na hÉireann Réamhstairiúla, Ór na hÉireann agus an Taisce, agus áirítear leis déantáin ábhartha amhail Taisce Bhrú Íochtair, Cailís Ardach agus Dealg na Teamhrach.

Líon uasta: 30 in aghaidh an ghrúpa
Fad: timpeall ar 45 nóiméad


Turais Speisialaithe

D’fhéadfadh turais speisialaithe a bheith fócasaithe ar ghnéithe áirithe na mbailiúchán amhail an Chlochaois, an Chré-umhaois nó turais de théama níos ginearálta amhail seandálaíocht tíre ar leith.
Is féidir na turais sin a shaincheapadh chun freastal ar riachtanais oideachasúla an ghrúpa agus d’fhéadfadh siad a bheith oiriúnach do raon aoiseanna.

Líon uasta: 30 in aghaidh an ghrúpa
Fad: timpeall ar 45 nóiméad


Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí chun faisnéis bhreise a fháil nó chun turas a chur in áirithe. Seol ríomhphost chuig bookings@museum.ie nó glaoigh ar +353 1 6486453.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444