Scipeáil chuig ábhar

Bosca Láimhsithe Cré-umhaoise

Is acmhainn do theagascóirí é an Bosca Láimhsithe Cré-umhaoise chun leas a bhaint as sa seomra ranga, nuair a bhítear ag teagasc ábhar a bhaineann leis an gCré-umhaois in Éirinn.

Tá réada mionsamhlach sa bhosca atá ar comhchaighdeán lena bhfuil ar fáil i músaem bunaithe ar réada seandálaíochta in Ard-Mhúsaem na hÉireann; samplaí d’amhábhair a d’úsáideadh daoine le linn na Cré-umhaoise bunaithe ar fhianaise ó láithreáin seandálaíochta; acmhainní breise oideachais ón seomra ranga agus leabhrán treoirlínte teagaisc.

Tá 42 de na boscaí láimhsithe ar fáil in Ionaid Oideachais ar fud na hÉireann. Tá eolas faoin ábhar, amlíne agus eolas faoin tréimhse staire ar fáil ar an micrealáithreán don tionscadal.

Tabhair cuairt ar an micrealáithreán chun tuilleadh eolais a fháil faoin mBosca Láimhsithe, na réada macasamhlach agus conas é a fháil i gcomhair do sheomra ranga.

Chruthaigh an Roinn Oideachais an Bosca Láimhsithe Cré-umhaoise in Ard-Mhúsaem na hÉireann i gcomhar le Líonra na nIonad Oideachais de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444