Scipeáil chuig ábhar

Pleanáil do chuairt i gcúig chéim éasca

Bain lántairbhe as chuairt do scoile chuig an Músaem. Pleanáil do chuairt i gcúig chéim éasca agus coinnigh cuimhne go mbíonn cuairteanna ó scoileanna saor in aisce!

1. Féach ar ár liosta de thurais agus de cheardlanna.

Faigh níos mó amach faoi ghníomhaíochtaí ar leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile. Féach conas a chomhlíontar príomhnaisc an churaclaim lenár raon de ghníomhaíochtaí agus d’acmhainní.

2. Roghnaigh na dátaí agus na hamanna is fearr leat.

Is fearrde do chuairt a chur in áirithe dhá sheachtaine ar a laghad roimh ré. Déan áirithint luath agus is dócha go bhfaighidh tú na dátaí agus na hamanna a theastaíonn uait.

3. Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí

Comhlánaigh foirm áirithinte ar líne; déan teagmháil ar theileafón ar +353 (0)1 648 6453; nó seol ríomhphost chuig bookings@museum.ie.
 Déanfaimid d’áirithint a phróiseáil agus seolfaimid foirm dearbhaithe chugat.

4. Déan ullmhúchán

Bain lántairbhe as an Músaem trí ghiota ullmhúcháin a dhéanamh roimh do chuairt. D’fhéadfá roinnt oibre athleanúna a phleanáil ar ais sa scoil.

5. Tar in am

Bíodh spraoi agat, foghlaim agus bí spreagtha. Agus ná déan dearmad ar d’Fhoirm Dearbhaithe Áirithinte!


 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444