Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Ceirmeacht agus Gloine ón gCipir Ársa

Saorchead isteach

Two terracotta figures of a horse, Cypro-Archaic period, 600 - 480 BC

Míreanna ceirmeachta is ea a bhformhór agus is dócha gur ó thuamaí a tochlaíodh sa 19ú haois a thagann siad.

Rinneadh iad idir 2500 R.Ch. (An Chré-umhaois) agus 300 AD (an tréimhse Rómhánach dhéanach) agus tá siad leagtha amach in ord cróineolaíoch. Tá cúig dheilbhín chré atá ar iasacht ó Mhúsaem na Cipire i Nicosia san áireamh sa taispeántas.

Léiríonn an éagsúlacht stíleanna agus maisithe sna deilbhíní ó thréimhsí difriúla an meascán ar leith de thionchair chultúrtha a bhí i réim sa Chipir, mar is léir ón tseandálaíocht.

2500 BC – 300 AD

Tá an Chipir suite in oirthear na Meánmhara, agus tá neart taiscí copair aici. Is ann a thagadh cultúir na hEorpa agus an Mheánoirthir le chéile agus is tugann an cumasc a rinneadh orthu carachtar ar leith d’earraí seandálaíochta na Cipire. Tá an cumasc sin de thionchair chultúrtha le feiceáil sa taispeántas seo de dhéantáin cheirmeachta agus gloine. Roghnaíodh iad as bailiúchán an Mhúsaeim de thart ar 500 ársaíocht de chuid na Cipire, a bhfuarthas a bhformhór i dtuamaí sa 19ú haois.

Baineann na déantáin leis an tréimhse ón gCré-umhaois Luath (2500 – 1900 BC) go dtí an ré na Rómhánach (58 BC – 330 AD). Tá soithí agus deilbhíní ceirmeachta agus maisiú den scoth orthu le feiceáil sa taispeántas, as gach tréimhse den Chré-umhaois, agus as an tréimhse Gheoiméadrach Chipireach, an tréimhse Ársa Chipireach agus an tréimhse Chlasaiceach Chipireach.  Tá péire fáinní cluaise óir ann ón tréimhse Heilléanaíoch Dhéanach a lean gabháil an oileáin ag Alastar in 333 R.Ch.. Ina theannta siúd tá soithí gloine agus ceirmeachta agus dhá cheann de lampaí terracotta ón uair a bhí an t-oileán faoi cheannas na Róimhe. Is fiú stíl na lampaí Rómhánacha a chur i gcomparáid le stíl lampa níos luaithe ná sin den chineál dúchasach a bhí in úsáid idir 950 R.Ch. agus 60 R.Ch.



Suíomh:


Ceirmeacht agus Gloine ón gCipir Ársa suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Dírítear sa taispeántas seo ar dhéantáin ón gCipir atá i mbailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann, mórchuid diobh nach bhfacthas riamh cheana ar taispeáint.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444