Scipeáil chuig ábhar

Colmcille: Déantáin bheannaithe de chuid Naoimh – 1500 bliain de dheabhóid

Saorchead isteach

The Shrine of the Cathach-Objects associated with saints were revered in the medieval period. These objects — relics — were held in containers known as reliquaries.

Meastar gur i nDún na nGall a rugadh Colum, (Columba sa Laidin, agus Colmcille mar a tugadh air sa Ghaeilge) agus gur sa séú haois a mhair sé. Bhunaigh Naomh Colmcille suíomh eaglasta Cheanannais, Contae na Mí, agus an mhainistir rachmasach ar Oileán Í in Iarthar na hAlban a raibh an-tionchar aici ar an saol sna blianta sin.

 
Dírítear sa taispeántas seo ar na rudaí suntasacha a shamhlaítear le Naomh Colmcille lena n-áirítear Scrín an Chathaigh - scrín leabhar ón aonú haois déag a tógadh chun lámhscríbhinn ó dheireadh an séú / tús an seachtú haois ar a dtugtar an Cathach, nó an 'Battler', a choimeád ann. Creidtear gur Naomh Colmcille a scríobh. Ba í meirge chatha mhuintir Uí Dhomhnaill é, gaolta Cholmcille, agus féachtar air mar phríomhthaise an teaghlaigh.
 
I measc na ndéantán suntasach eile tá Bachall Cholmcille, Scrín an Mhiosaigh, agus Clog Cholmcille, ar chreid daoine go leigheasfadh uisce iad ach é a ól as an gclog sin. Tá bróidnéireacht álainn de Cholmcille a rinne Lily Yeats ó 1920í san áireamh freisin chun oidhreacht leanúnach an naoimh a léiriú.
 

 

Suíomh:


Colmcille: Déantáin bheannaithe de chuid Naoimh – 1500 bliain de dheabhóid suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Trí rogha déantán, is ceiliúradh é an taispeántas ar oidhreacht Cholmcille, duine de thriúr éarlamh na hÉireann in éineacht le Naomh Pádraig agus Naomh Bríd, ar chothrom 1500 bliain a bhreithe.

 

Imeachtaí a Bhaineann leis an Taispeántas seo

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444