Scipeáil chuig ábhar

Gleann Dá Locha: Turas, Arnaí and Neart

Cead isteach saor

Biorán cóimhiotail chopair diosca-cheannach

Tá Gleann Dá Loch ar cheann de na láithreacha manachúla is tábhachtaí in Éirinn. I ngleann álainn idir dhá loch i gContae Chill Mhantáin atá sé. Sna scéalta is luaithe faoi shaol Chaoimhín, nó Cóemgen, an t-éarlamh (a bhásaigh in AD 618), insítear dúinn faoi fhear uasal a chaith saol simplí paidreoireachta anseo agus a chuir an ruaig ar arracht a bhí sa loch. Scéal faoi fhear a raibh fonn chun uaignis agus chun tosta air agus a chuir faoi chuige sin i ngleann iargúlta sléibhe. Cúlú ón saol mórthimpeall orainn agus tóir ar an uaigneas, sin rud a thuigeann muintir na linne seo, agus muid ag deireadh tamall fada aonraithe.

Tá tábhacht náisiúnta le Gleann Dá Loch. Samhlaítear Naomh Caoimhín le tírdhreach, foirgnimh agus déantáin ar leith sa tréimhse ina raibh an Chríostaíocht ag cur athrú ó bhun ar Éirinn na meánaoise. Na daoine céanna a bhí mór le rá in Éirinn na meánaoise, is iad a bhí chun tosaigh i scéal Ghleann Dá Loch – Lochlannaigh, easpaig, abaí, ríthe áitiúla agus ríthe náisiúnta. Is sa ghleann seo a rinne na hAngla-Normannaigh agus na Gaeil iarracht ceannas a bhaint amach. Athraíodh tírdhreach an ghleanna nuair a chuathas i mbun tionsclaíochta ann níos déanaí, agus le teacht na turasóireachta. Ag an am céanna tá muintir na háite agus taistealaithe ag triall air leis na cianta mar láthair sprioradálta.

Tá fianaise shaibhir stairiúil againn ar an saol sa mhainistir ann agus tá fianaise fhisiciúil, i bhfoirm earraí iniompair, faighte againn ón tseandálaíocht. Bhí cur chuige comhpháirtíochta ann riamh, i measc seandálaithe, riarthóirí páirce, údaráis áitiúla agus pobail áitiúla, i leith oidhreacht na háite a ríomh trína dhéantáin. Tá sé dhéantán is fiche nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana le feiceáil sa taispeántas seo. Thug an taighde a rinneadh ar na déantáin seo léargas dúinn ar shaol na ndaoine san áit speisialta seo, ina measc bhí lucht cumhachta agus an chosmhuintir a thaistil mar oilithrigh nó a mhair i nGleann Dá Loch. De thaisme a thángthas ar chuid de na déantáin seo, fuarthas cuid eile i dtochailtí seandálaíochta a pleanáladh go cúramach. Is furasta scéalta a shamhlú le déantáin áirithe, leithéidí bróg leathair mná a cailleadh i bportach i nGleann Dá Loch agus biorán maisithe de chuid easpaig san 11ú haois, a rinne a chuid paidreoireachta ar thaobh an tsléibhe gaothshéidte.

Suíomh:


Gleann Dá Locha: Turas, Arnaí and Neart suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Tá tábhacht náisiúnta le Gleann Dá Loch. Samhlaítear Naomh Caoimhín le tírdhreach, foirgnimh agus déantáin ar leith sa tréimhse ina raibh an Chríostaíocht ag cur athrú ó bhun ar Éirinn na meánaoise. Na daoine céanna a bhí mór le rá in Éirinn na meánaoise, is iad a bhí chun tosaigh i scéal Ghleann Dá Loch – Lochlannaigh, easpaig, abaí, ríthe áitiúla agus ríthe náisiúnta.

Seandálaíocht

Gleann Dá Locha: Turas, Arnaí and Neart

Tá sé dhéantán is fiche nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana le feiceáil sa taispeántas seo.

Tá sé dhéantán is fiche nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana le feiceáil sa taispeántas seo.
Gleann Dá Locha: Turas, Arnaí and Neart

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444