Scipeáil chuig ábhar

Ongoing

Ríogacht agus Íobairt

Saorchead isteach

Mionsonra ó lámh 'Fhear Chruacháin', corp portaigh atá ar taispeáint mar chuid den taispeántas Ríogacht agus Íobairt.

Ar an teoiric go bhfuil baint idir íobairtí de dhaoine agus na mairbh sin a chur i bportaigh feadh theorainneacha dál agus deasghnátha ríogachta agus flaithiúnais, atá an taispeántas seo bunaithe.

Tá ábhar gaolmhar eile ar taispeáint, lena n-áirítear éide ríoga, feistíocht capall, airm, uirlisí féasta, comharthaí teorann agus taiscí móideacha ime ar a dtugtar im portaigh.

Gheofar sa taispeántas forléargas ginearálta ar an anailís agus ar a thábhachtaí atá sí chun na coirp seo a shuí i gcomhthéacs gineálta Eorpach. Déantar trácht, leis, ar choirp phortaigh Iarannaoise a fuarthas sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus i Sasana.

Tá dhá chorp eile a fuarthas i bportaigh in Éirinn agus atá i mbailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann - Fear Ghallach, Co. na Gaillimhe agus Fear Bhaile Bharúin Thiar, Co. Chill Dara - le feiceáil anseo freisin. Scrúdaítear tábhacht na gcorp portaigh don tseandálaíocht.

Suíomh:


Ríogacht agus Íobairt suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Tar éis na coirp phortaigh ag Cruachán, Co. Uíbh Fhailí, agus ag Cluain Uí Chaomháin, Co na Mí, a bheith tagtha chun solais in 2003, chuaigh foireann idirnáisiúnta speisialtóirí i mbun oibre le Roinn na nÁrsaíochtaí Éireannacha agus an Roinn Caomhantais chun na hiarsmaí daonna seo a scrúdú. Gheofar forléargas in Ríogacht agus Íobairt ar thorthaí na hanailíse seo, agus coirp phortaigh eile ó bhailiúcháin an Mhúsaeim. Is deis iad na coirp seo chun 'aghaidh' a thabhairt ar ár sinsir.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444