Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Éire na Meánaoise 1150-1550

Saorchead isteach

Domhnach Airgid Shrine, Clones, Co. Monaghan. Eighth century AD, remodelled c. AD 1350.

Sa taispeántas seo tá trí ghailearaí dar teideal Cumhacht, Urnaí agus Obair, a léiríonn an scoilt faoi thrí a bhí i sochaí na meánaoise - daoine uaisle, gnáthdhaoine agus an chléir.

Déantar stíl mhaireachtála na n-uaisle a fhiosrú, fad is a léiríonn airm agus cathéide atá fós ar an saol saintréithe na cogaíochta in Éirinn na Meánaoise.

Déanann an taispeántas iniúchadh ar na foirmeacha éagsúla talmhaíochta (tréadach agus arúil) a cleachtadh. Léiríonn comharthaí ó thochailtí uirbeacha trádáil allmhairíochta na hÉireann agus na ceirdeanna agus tionscail éagsúla a bhí ar siúl sna bailte.

D’athraigh eaglais na hÉireann go bunúsach sa 12ú hAois, cé gur tháinig mórán traidisiúin eaglaise níos sine slán. Féachann an taispeántas ar dheabhóid agus ar chleachtas reiligiúnach chomh maith le feistis eaglaise, lena n-áirítear rogha bhreá taiseagán ón meánaois dhéanach: cumhdaigh leabhair, cumhdaigh chloigín agus bachalla.

Díríonn an taispeántas seo ar an Meánaois dhéanach in Éirinn, tréimhse inar tharla dhá phróiseas eaglasta – gluaiseacht leasaithe na hEaglaise ó lár an 12ú haois agus an Reifirméisean i lár an 16ú haois. Is í seo an tréimhse a ndearna na Sasanaigh ionradh agus leathchoilíniú in Éirinn. Is í seo an tréimhse a ndearna na Normannaigh ionradh agus leathchoilíniú in Éirinn agus mar thoradh air seo bhí dhá chultúr ar leith ar an oileán, agus bhí a dteanga, dlíthe, córas sóisialta agus cleachtais talmhaíochta ar leith ag gach ceann díobh, agus is as seo a d'eascair cultúr Angla-Éireannach hibrideach le linn na Meánaoise Déanaí. Ar bhonn níos leithne, léiríonn cuid mhaith den ábhar atá ar taispeáint stíleanna beatha, ceirdeanna, agus gníomhaíochtaí a bhí i bpáirt ag mórchuid den Eoraip sa Mheánaois.

De réir léargais chomhaimseartha ar shochaí mheánaoiseach na hEorpa bhí sí roinnte ina trí chuid – bellatores (laochra), oratores (lucht urnaithe) agus laboratores (lucht oibre). Cé nach dtugann a leithéid de scéim cur síos cuimsitheach ar chastacht shochaí mheánaoiseach na hÉireann, is teimpléad úsáideach é don taispeántas, atá roinnte i dtrí ghailearaí, dar teideal Cumhacht, Urnaí agus Obair:

Cumhacht

Baineann Cumhacht leis an uasaicme, idir Éireannach agus Angla-Éireannach, a rialaigh sochaí mheánaoiseach na hÉireann. Déantar scrúdú ar an ríogacht agus ar an tiarnacht i gcultúr na hÉireann agus sa chúltúr Sasanach, agus aibhsítear ról an cheoil, na filíochta, cluichí, fiach agus aíocht i saol na móruaisle. Tá seodra agus earraí eile d'ornádaíocht phearsanta a bhí in úsáid ag fir agus mná saibhre ar taispeáint, mar aon le seoda a bhain le teaghlaigh thábhachtacha den uasaicme. Orthu sin tá Breac Maodhóg, cumhdach ón 11ú céad, a bhain le muiuntir Uí Raghallaigh, tiarnaí ar Oirthear Bhréifne; Cornadharc na gCaomhánach, siombail de ríogacht na nGael ar Laighin; agus clúdach leabhair ón 16ú céad ó Dhomhnach Bat, Co. BHaile Átha Cliath, déánta as míolchnámh agus ar a bhfuil armais Mhic Gearailt, Iarlaí Dheasumhan. Tá taispeántas breá de chlaimhte ón meánaois dhéanach a aibhsíonn saintréithe chogaíochta na meánaoise in Éirinn.

Urnaí

Breathnaíonn Urnaí ar na tréithe ba shuntasaí den bheatha reiligiúnach i rith na Meánaoise in Éirinn. Díríonn sé go háirithe ar na bunathruithe a thit amach i struchtúr eagraíochtúil na hEaglaise agus tabhairt isteach oird mhanachúla nua. Tá mórán cleachtas ó sheantraidisiún na hEaglaise fós ann, áfach, go mór mór i limistéir taobh amuigh de smacht Shasana, agus faightear léiriú láidir air sin sa bhailiúchán tábhachtach de scrínte agus de chumhdaigh atá ar taispeáint.

Tá formhór na scrínte agus na gcumhdach ón Meánaois in Éirinn atá ar an saol fós sa taispeántas agus baineann an chuid is mó díobh le naoimh na hÉireann. Ina measc seo tá roinnt cumhdach leabhair: an Domhnach Airgid, an Cathach, an Míosach agus Leabhar Aifrinn Stowe; agus scrínte cloigíní: Cloigín Naomh Seanán agus an Corp Naomh, mar aon le scrín Fhiacail Phádraig agus Mias Tighearnáin. Is éard atá sa cheann deiridh sin ná cumhdach i gcruth méise a rinneadh, b'fhéidir chun taise d'Eoin Baiste a choinneáil. Ar taispeáint freisin tá dealbha cloiche ó Fhiodh Ard, Co. Thiobraid Árann agus Eas Géitine, Co. Luimnigh, agus cópa iontach bróidnithe ón 15ú céad ó Phort Láirge.

Obair

Díríonn Obair ar na tuathánaigh agus ar an gcosmhuintir, le béim ar leith ar an saol eacnamaíochta agus sóisialta. Léiríonn codanna ar leithligh cleachtais thalmhaíochta na tuaithe agus saol na mbailte, ar tháinig borradh fúthu den chéad uair in Éirinn sa tréimhse seo. Tá cuid mhór den ghailearaí tugtha d’uirlisí agus do tháirgí ceardaíochta agus ceirde na meánaoise, idir uirbeach agus thuaithe, ag tarraingt go mór ar ábhar a tháinig chun solais as tochailtí seandálaíochta le déanaí. I measc na nithe suntasacha sa ghailearaí seo tá mias mór miotail ó Ghéisill, Co. Uíbh Fhailí. I measc na dtaispeántán suntasacha eile tá: cuid de cheann de na frámaí spéaclaí ba luaithe i dtuaisceart na hEorpa; taispeántas suntasach de photaireacht na meánaoise; cuid atógtha d'urlár leactha ón 14ú haois; agus bíoma dara le hinscríbbhinn ó theach ó dheireadh na 16ú haois i nDroichead Átha, Co Lú.
 

Suíomh:


Éire na Meánaoise 1150-1550 suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Sa taispeántas seo tá trí ghailearaí dar teideal Cumhacht, Urnaí agus Obair, a léiríonn an scoilt faoi thrí a bhí i sochaí na meánaoise - daoine uaisle, gnáthdhaoine agus an chléir.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444