Scipeáil chuig ábhar

Ongoing

Roger Casement - Voice of the Voiceless

FREE

Cé go n-aithnítear Roger Casement as a ról in Éirí Amach 1916, ní a oiread eolais ann faoina chuid oibre dhaonnúil ag imscrúdú ainghníomhartha sa trádáil rubair san Afraic agus i Meiriceá Theas.

Baintear úsáid sa taispeántas seo as cuid de na nithe a bhailigh sé le linn a chuid ama san Afraic agus i Meiriceá Thuaidh lena scéal faoin gcuid sin dá shaol agus scéal íospartaigh na sclábhaíochta agus saothar éigeantais dár oibrigh sé a insint.

Tá féileacáin ar taispeáint a bailíodh sa Cholóim sa lá atá inniu ann, earraí a úsáidtear i mbailiú rubair i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa lá atá inniu ann agus earraí a rinne daoine oilte ceardaíochta ón gCongó agus ón Amasóin. Tugtar an taispeántas i gcrích le painéal a phléann sclábhaíocht an lae inniu agus ansmacht an lucht treibhe.

Dúirt Casement in aiste:

The rubber was there. How it was produced, out of what a hell of human suffering no one knew, no one asked, no one suspected. Can it be no one cared?”

Go brónach na fadhbanna a chonaic Casement 100 bliain ó shin; cearta talún, sclábhaíocht, fostú leanaí, cinedhíothú, an dóigh ar caitheamh leis na daoine dúchasacha agus beartú tosaíochta an ghnó thar chearta an duine, tá siad fós ábhartha. 

Inniu is féidir linn tráchtearraí nua-aimseartha a chur in ionad an fhocail ‘rubar’. Táthar ag súil go spreagfaidh an taispeántas daoine le smaoinigh tuilleadh faoin slabhra soláthair earraí a cheannaímid inniu, caitheamh drochmheasúil daoine eile agus ceist a chur orainn féin “an cuma linn?”

 

Suíomh:


Roger Casement - Voice of the Voiceless suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Taispeántas ina n-insítear faoi scéal obair dhaonnúil Roger Casement ag baint úsáid as na nithe a bhailigh sé san Afraic agus i Meiriceá Theas.
Osclaíodh taispeántas sealadach chun obair Roger Casement mar dhaonnúlach ag Ard-Mhúsaem na hÉireann a chomóradh ar lá cuimhneacháin 100 bliana a bháis ar an 3 Lúnasa 2016.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444