Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

An tSeodlann

Saorchead isteach

Detail view of the Ardagh Chalice

Gailearaí a hAon

In ord cróineolaíoch atá an chéad ghailearaí, ina rianaítear forbairt na healaíne in Éirinn ón Iarannaois go dtí an 12ú haois AD. Is iad na forbairtí a d’eascair as an aistriú ón bpágántacht go dtí an Chríostaíocht agus na tionchair eachtrannacha agus dúchasacha ar Ré Órga na healaíne agus na ceardaíochta Éireannaí ó dheireadh an seachtú haois go dtí an naoú haois luath is ábhar don chaibidil anseo.

Féachtar, freisin, ar thionchar na Lochlannach ón naoú go dtí an dara haois déag agus ar a stíleanna suaithinseacha ealaíne, agus ar an mborradh a tháinig faoin mhiotalóireacht eaglasta i bhfianaise an athchóirithe a rinneadh ar an eaglais idir an t-aonú haois déag agus tús an dara haois déag.

Gailearaí a Dó

Leabhar na Salm ón mheánaois luath, a dtugtar Saltair an Fheadáin Mhóir air, atá sa dara gailearaí.
Thángthas ar an lámhscríbhinn seo, ó thart ar AD 800, i bportach i gCo. Thiobraid Árann in 2006.

Gailearaí a Trí

Domhan na gceardaithe sa mheánaois luath atá faoi chaibidil anseo, i bhfoirm dhéantáin mhaisithe miotalóireachta.

Úsáid na botháin idirghníomhacha gluaise lena n-íomhánna gar-amhairc go bhfeice tú na teicnící a bhíodh in úsáid..

Sonraí Ailtireachta

Tugann gnéithe d’ailtireacht an mhúsaeim na Seodlanna Ard-Eaglaise a spreag an taispeántas chun cuimhne.

Rinneadh urláir bhreátha mósáice, a chuir Oppenheimers  Mhanchain síos sa naoú haois déag, a ghlanadh, a athchóiriú agus a fhí isteach i leagan amach an taispeántais. Radhairc ón mhiotaseolaíocht chlasaiceach atá ar an urlár. Rinneadh amhlaidh le teallaigh maisealaca agus colbhaí doirse a rinne Burmantofts Pottery, Leeds, agus le doirse adhmaid ardsnoite a rinne William Milligan as Baile Átha Cliath agus Carle Cambi as Siena na hIodáile. Tá gach ceann díobh ar taispeáint arís anseo.

Suíomh:


An tSeodlann suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Taispeántar anseo na seoda ar leith atá tagtha anuas ó Éirinn sna meánaoiseanna, agus scrúdaítear an bhaint idir iad agus an ré phágánach a ghabh rompu agus an cultúr Críostaí a bhí i réim san am. Tá tábhacht idirnáisiúnta leis na déantáin atá ar taispeáint, ní amháin mar fhianaise seandálaíochta ach de bhrí gur cor cinniúnach a bhí iontu, ina n-aonar agus ina dteannta a chéile, i gcultúr luath na hEorpa.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444