Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Éire na Lochlannach

Saorchead isteach

A range of silver brooches and arm rings, made by Irish and Viking craftsmen. Ninth and tenth centuries.

Aois na Lochlannach in Éirinn atá faoi chaibidil sa taispeántas seo, scéal a insítear ó na déantáin atá tagtha anuas chugainn.

Ina measc tá déantáin ó uaigheanna Lochlannacha ón 9ú agus ón 10ú haois agus ó láithreáin lonnaíochta ón 10ú go dtí an 12ú haois.

I gceartlár an taispeántais tá déantáin a fuarthas ó thochailtí an Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath ar an suíomh Lochlannach is tábhachtaí in Éirinn. Tá an bailiúchán seo ar an mbailiúchán is breátha d’earraí tochailte ó láithreán meánaoiseach ar bith san Eoraip.

Tá miotalóireacht eaglasta agus ábhar eaglasta eile ón 11ú agus ón 12ú haois ar taispeáint, leis, trína léirítear an tslí a imeascadh gnéithe Lochlannacha, stíleanna ealaíne san áireamh, isteach i gcultúr na hÉireann, i dtreo dheireadh Ré na Lochlannach.

 

Suíomh:


Éire na Lochlannach suite ag:
Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 F627


Ba mhór an tionchar a bhí ag na Lochlannaigh agus a sliocht ar Éirinn, ón gcéad uair a tháinig siad anseo díreach roimh 800AD go dtí tar éis 1150AD. Mar ionraitheoirí agus mar chreachadóirí a fhéachaimid orthu de ghnáth ach rinne siad a gcion chun athrú ó bhonn -- athrú eacnamúil, cultúrtha agus polaitiúil -- a dhéanamh ar Éirinn.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444