Scipeáil chuig ábhar

Uaireanta oscailte, suíomh agus áiseanna

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht suite ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, i gcroílár na cathrach.

Uaireanta oscailte

  • Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm
  • Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm
  • Dúnta Lá Nollag agus Aoine an Chéasta

Saorchead isteach

Tá saorchead isteach ar gach ceann de cheithre láithreán Ard-Mhúsaem na hÉireann.


Ticéad ar líne

Caithfidh cuairteoirí ticéad saor in aisce a chur in áirithe ar líne roimh dhul chuig AMÉ – Seandálaíocht. Cinnteoidh sé seo go gcomhlíonfar na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta agus go mbeidh cuairt shábháilte thaitneamhach ag daoine ar láithreáin an Mhúsaeim.


Uaireanta oscailte an tSiopa agus an Chaifé

Bíonn siopa agus caifé an Mhúsaeim ar oscailt nuair a bhíonn an Músaem ar oscailt, ach bíonn sé ar oscailt óna 12 meán lae ar an Domhnach.


Eolas do chuairteoirí

Bíonn an fhoireann ar fáil chun aon cheist atá agat a fhreagairt. Beidh cabhair ar fáil duit má bhíonn sé ag teastáil, ar an mbunurlár ag an doras isteach.


Páirceáil

Gheofar na carrchlóis phoiblí íoctha is gaire amach ó Shráid Dawson agus ag Plás Setanta. Tá áiteanna páirceála ar an tsráid (méadar) timpeall Chearnóg Mhuirfean, atá 10 nóiméad de shiúl na gcos ón músaem..


Páirceáil Mhíchumais

Tá spásanna páirceála do dhaoine a bhfuil suaitheantas gorm acu ar an taobh thoir de Shráid Dawson, ar an taobh Thuaidh agus Thiar d'Fhaiche Stiabhna agus ar Chearnóg Mhuirfean Thiar.


Leithris

Tá leithris do chách ar an mbunurlár, ar an taobh thall den rotunda lárnach.


Áiseanna do naíonáin

Tá áiseanna i ngach leithreas sa mhúsaem chun clúidín linbh a athrú.


Áit chun bagáiste a fhágáil agus seomra cótaí

Is féidir éadaí a fhágáil ag an Deasc Fáilte ar an mbunurlár ag an doras isteach. Tá taisceadáin ar fáil do bhagáiste.


Maoin chaillte

Má tá tú sa mhúsaem, fiafraigh den fhoireann ag an Deasc Fáilte ar an mbunurlár. Tar éis an músaem a fhágáil, glaoigh ar +353 1 6777444.


Scannánaíocht agus grianghrafadóireacht

Léigh comhairle agus beartais an Mhúsaeim maidir le trealamh ilmheáin a úsáid sa mhúsaem

Is féidir ceamaraí láimhe a úsáid sna gailearaithe. Níl cead splancghrianghrafadóireacht, físcheamaraí, tríchosaigh agus trealamh digiteach gairmiúíl a úsáid.

Níl cead grianghraif a thógtar sna gailearaithe a úsáid ach amháin mar áis phearsanta. Níl cead úsáid thráchtáil a bhaint as grianghraf a thógtar sa mhúsaem.


Scannánaíocht

Tá scannain déanta dár mbailiúcháin lena n-úsáid i gcláir theilifíse, i gcláir fhaisnéise, i bhfíseáin agus i gcláir oideachasúla. Seol ríomhphost chuig imagelibrary@museum.ie chun cead a iarraidh. Beidh fógra coicíse ar a laghad de dhíth mar aon le cóip de do shlánaíocht árachais sular féidir cead a thabhairt.


Scannánaíocht thráchtála

Baineadh úsáid as ár bhfoirgnimh agus as ár ngailearaithe do scannáín agus do chláir theilifíse thráchtála agus d'fheachtais fógraíochta agus promóisin. Chun ceist mar gheall ar scannánaíocht thráchtála a chur, déan teagmháil le OCMS http://ocmsireland.com, a oibríonn thar ceann an Mhúsaeim.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444