Scipeáil chuig ábhar

Ciorcal Cniotála agus Cróiseála

Is grúpa ceardaithe cumasacha é an Ciorcal Cniotála agus Cróiseála a bhfuil spéis mhór acu i ngach rud lomrach!

Stair agus aidhmeanna an ghrúpa

Cuireadh tús leis an gCiorcal Cniotála agus Cróiseála ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe in 2008 agus chuaigh sé ó neart go neart gach bliain.

Bhí an Ciorcal Cniotála thar a bheith réamhghníomhach le linn a gcuid ama ag an Músaem. Chuidigh siad le Curiarracht Dhomhanda Guinness a bhriseadh ag Páirc de hÍde, Ros Comáin. Bhí siad rannpháirteach freisin i roinnt tionscnamh carthanachta lenar áiríodh hataí, scaifeanna agus buataisí a dhéanamh do Chlann Shíomóin.
Bíonn fonn orthu a gcuid scileanna a theagasc do dhaoine eile agus glacann siad páirt i bhfor-rochtain chuig scoileanna áitiúla sa cheantar d’fhonn cniotáil a theagasc.


Conas a bheith rannpháirteach

Cuireann Ciorcal Cniotála agus Cróiseála fáilte roimh bhaill an phobail a bhfuil spéis acu i bhfáil amach níos mó chun teacht chuig a gcruinnithe. Brabhsáil an Féilire Imeachtaí chun sonraí a aimsiú faoi chéad chruinniú eile an ghrúpa.
 
Tabhair cuairt ar an gCiorcal Cniotála ar an gcéad Aoine agus an tríú Aoine den mhí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ó 11rn go 1in. Níl aon táille freastail ná áirithint riachtanach.


Tionscadail roimhe seo

Bhí an grúpa rannpháirteach i gcuid mhaith tionscadal thar na blianta, lenar áiríodh an taispeántas Bealtaine ar Leac an Dorais, lena ndearnadh fiosrú ar nósanna Bhealtaine áitiúla.

Ba thionscadal comhoibritheach é Bealtaine ar Leac an Dorais le hIonad Ealaíon Halla an Línéadaigh agus leis an Roinn Oideachais agus For-rochtana,  Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. Ba cheiliúradh é de nósanna Bhealtaine áitiúla trí roinnt imeachtaí lenar áiríodh taispeántais, ceardlanna agus cainteanna, mar aon le deis chun nósanna Bhealtaine áitiúla a mhalartú agus a thaifeadadh.

Thug an Músaem cuireadh don ghrúpa chun páirt a ghlacadh sa tionscadal agus bhí siad thar a bheith díograiseach agus bláthanna iolracha cniotáilte agus cróiseáilte á ndéanamh acu i gcóiriú dathanna don taispeántas.

Rinne an Ciorcal Cniotála maisiúcháin na Nollag freisin le cur ar taispeáint ag an Músaem.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755