Scipeáil chuig ábhar

Grúpa Ginealais Mhaigh Eo

Seo grúpa deonach a tarraingíodh le chéile de bharr a spéis mhór sa ghinealas.

Baineann an grúpa taitneamh as rath agus fadhbanna a bhaineann le taighde teaghlaigh a chomhroinnt le daoine eile agus trína gcuid taithí comhchoitinne agus a gcuid oibre bleachtaireachta is féidir leo lámh chúnta a thabhairt do thaighdeoirí eile.

Aidhmeanna an Ghrúpa

Chun cuidiú le taighdeoirí teaghlaigh nua agus le cinn atá ann cheana trí chomhairle a sholáthar maidir le stair an teaghlaigh, agus trí iad a threorú trí na hacmhainní ar féidir leo iad a úsáid sa leabharlann, ar an idirlín, srl.
Chun grúpa de dhaoine a bhfuil an dearcadh céanna acu a thabhairt le chéile d’fhonn a gcuid taithí ar thaighde a dhéanamh a chomhroinnt, agus b’fhéidir turais a dhéanamh le chéile d’fhonn taighde breise a dhéanamh.


Conas a bheith rannpháirteach

Cuireann Grúpa Ginealais Mhaigh Eo fáilte roimh bhaill an phobail a bhfuil spéis acu i níos mó a fháil amach faoi na céimeanna atá i gceist maidir le taighde a dhéanamh ar stair a dteaghlach.
 
Tabhair cuairt orainn ar an dara Satharn den mhí ag  Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ó 11.30rn go 1in.

  • Níl aon táille freastail ná áirithint riachtanach.
  • Aimsigh an grúpa ar Facebook nó ar bhlag Ghrúpa Ginealais Mhaigh Eo
  • Ríomhphost: mayogenealogygroup@gmail.com

Stair an Ghrúpa

Tá an grúpa ag bualadh le chéile ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ó 2012 agus ní amháin gur chuidigh siad le cuairteoirí ar an Músaem ach phléigh siad leis an oiread fiosrúchán trína leathanach Facebook.


Tionscadail

Bhí an grúpa rannpháirteach i roinnt tionscadal trí roinn oideachais an Mhúsaeim, ag cur le cainteanna, le seimineáir agus le tionscadail. I measc na mbuaicphointí dá gcuid tá a gcuid oibre do láithreán gréasáin Líonra Chartlann Pobail na hÉireann ag www.ouririshheritage.org agus do Thionscadal Mhuintir Mhaigh Eo 101.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755