Scipeáil chuig ábhar

Grúpa Scríbhneoirí an Mhúsaeim

Is grúpa daoine aonair iad Scríbhneoirí an Mhúsaeim a bhfuil spéis mhór acu i bpróis agus i bhfilíocht.

Tagann siad le cheile de ghnáth ar an gcéad Domhnach agus ar an tríú Domhnach den mhí.

Aidhmeanna an Ghrúpa

Is é aidhm Ghrúpa Scríbhneoirí an Mhúsaeim do chuid iarnónta Domhnaigh a athnuachan trí scríbhneoireacht chruthaitheach agus do chuid taithí á húsáid mar dhúch do shaoil agus réada an Mhúsaeim á n-úsáid chun an file agus an scríobhaí ionat a thochailt. Tá an grúpa seo fócasaithe ar fhoghlaim, ar éisteacht, ar fhás agus b’fhéidir ar léiriú am éigin.


Conas a bheith rannpháirteach

Cuireann Grúpa Scríbhneoirí an Mhúsaeim fáilte roimh bhaill an phobail a bhfuil spéis acu i níos mó a fháil amach chun bualadh leo ar an gcéad Domhnach agus ar an tríú Domhnach den mhí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ó 2.30in go 4.30in. Níl aon táille freastail ná áirithint riachtanach. Chun faisnéis bhreise a fháil, seol ríomhphost chuig Kate Carty ar katecarty@hotmail.co.uk


Tionscadail

Bhí an grúpa rannpháirteach i roinnt tionscadal trí ranna oideachais agus margaíochta an Mhúsaeim, ag cur le cláreagrú agus níos déanaí le ceiliúradh an Mhúsaeim don Oíche Chultúir.
 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755