Scipeáil chuig ábhar

Saoráidí do Chuairteoirí ó Scoileanna

Má tá tú ag teacht chugainn chun páirt a ghlacadh i gceardlann, turas nó imeacht ónár gclár do scoileanna, seo roinnt faisnéise faoi na saoráidí b’fhéidir gur mhaith leat iad a úsáid le linn do chuairte.

Cuairt Fhéinstiúrtha

Is féidir le do scoil taitneamh a bhaint as cuairt fhéinstiúrtha (turas ná gníomhaíocht ar bith). De ghnáth bíonn cuairteanna féinstiúrtha níos solúbtha chun a chur in áirithe ach TEASTAÍONN UAINN bheith ar an eolas go mbeidh sibh ag teacht! Déan teagmháil linn agus cuideoimid leat do thuras a eagrú. Tá dhá Sheomra Oideachais i nGailearaithe an Mhúsaeim agus is féidir iad a chur in áirithe roimh ré le húsáid agat le do rang.
 


Seomra Gníomhaíochta/Acmhainní

Seo an áit ina dtarlaíonn na ceardlanna. Aimsigh bileoga oibre, páipéar, criáin agus pinn luaidhe le húsáid.

 


Bailiúchán Láimhsithe

Bain taitneamh as eispéireas láimhsithe lenár mBailiúchán Láimhsithe – raon de réada ón ngnáthshaol fadó. Ó nead circe go pota gliomach, tá go leor le fáil amach.
 


Cairteacha Gníomhaíochta

Aimsigh raon d’ábhair inár gCairteacha Gníomhaíochta ata suite ar fud Ghailearaithe an Mhúsaeim, lena n-áirítear fáisc-chláir, pinn luaidhe, criáin agus bileoga gníomhaíochta.


Inrochtaineacht

Tá foirgnimh an Mhúsaeim inrochtana do chathaoireacha rothaí ina n-iomláine agus ardaitheoirí ann chuig gach leibhéal agus chuig seomraí scíthe inrochtana. Tá cathaoireacha rothaí ar fáil freisin ón bhFáiltiú.
Do ghrúpaí faoi mhíchumais éisteachta agus a bhfuil lagú amhairc orthu, is féidir leis an Músaem Córas Treoraithe Turais FM a sholáthar, leagan i gcló mór den turas ginearálta agus ábhair láimhsithe.


Seomra Cótaí

Tá saoráidí seomra cótaí ar fáil ag an bhFáiltiú. Ba cheart do leanaí a laghad bagáiste a thabhairt leo is féidir. Ba cheart do dhaoine sparáin agus nithe luachmhara a choinneáil leo le linn na cuairte.


Caifé

Tá rogha de mhargaí béile ar fáil ó chaifé an Mhúsaeim, lena n-áirítear rogha veigeatórach.
Chun faisnéis bhreise a fháil, déan teagmháil le Brambles Café ar +353 94 90 31744 nó le ríomhphost chuig maeve@brambles.ie


Saoráidí Lóin

Níl aon seomra lóin ag an Músaeim. Tá ollphuball ann, áfach, mar aon le limistéar picnice lasmuigh (ag brath ar an aimsir).


Uaireanta oscailte

Domhnach go Luan: 1in go 5in
Máirt go Satharn: 10rn go 5in
Dúnta Lá na Nollag agus Aoine an Chéasta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755