Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Ag Rothaíocht ar fud na Tíre

Saorchead Isteach

Brown Brothers Catalogue, 1913

Feicfear anseo rothair agus oiriúintí rothaíochta ó bhailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann. ‘An Tír ar Rothar’ is teideal don staidéar seo ar stair an rothair, agus ar na hathruithe ar dhearadh rothar as ar tháinig an rothar sábháilteachta atá an-chosúil leis an rothar atá againn inniu.
Príomhchóir iompair i ngach paróiste in Éirinn sna 1930í ab ea an rothar, agus is leis a cuireadh athrú suntasach ar shaol sóisialta na ngnáthdhaoine.
Aithrisítear cuimhní cinn agus scéalta a bhaineann leis an rothaíocht ó thús deireadh an taispeántais. Díríonn na híomhánna agus na cuimhní cinn ar rothar a cheannach, foghlaim conas rothaíocht, agus taisteal chun na noibre agus chun na siamsaíochta.
Tá scéalta grreannmhara ann leis, ceann acu ó dhuine a d’fhéach le héalú ó na Gardaí nuair nach raibh solas ar a rothar aige istoíche.

 

Suíomh:


Ag Rothaíocht ar fud na Tíre suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Sa taispeántas seo de rothair agus de rudaí a ghabh leis an rothaíocht, mínítear stair na rothaíochta in Éirinn.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755