Scipeáil chuig ábhar

Léiriú sealadach

A Breath of Fresh Air - The Keep Well Glass Quilt Project

Saor in aisce isteach

Cuid den 'Keep Well Glass Quilt'. Íomhá: Karen Cox

Is tionscadal uathúil comhoibríoch é A Breath of Fresh Air - The Keep Well Glass Quilt ar thug baill de Chumann Gloine na hÉireann faoi le linn an 3ú babhta de COVID-19 agus an dianghlasáil 12 sheachtain a tháinig ina dhiaidh.

Srianta taobh istigh chúig chiliméadar óna dtithe agus stiúideonna, tháinig 50 déantóir gloine le chéile go fíorúil chun comhoibriú ar chuilt mhór ghloine.

The Glass Quilt ar taispeáint ó 7 Samhain 2022 i Leabharlann Theach Pháirc Thurlaigh in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Tá obair ó dhéantóirí gloine gairmiúla agus amaitéaracha le feiceáil sa saothar, chomh maith le gach teicníc déanta gloine, idir gearradh traidisiúnta, péinteáil ghloine, oibriú áithe, eitseáil, greanadh agus oibriú lampa.
 
Agus iad ag déanamh a bpíosaí aonaracha, léirmhínigh gach déantóir gloine a smaointe agus tuiscint féin maidir ciall an téama. San áireamh leis na téamaí, tá an dúlra, filíocht, teicstílí, pátrúin, an mheabhairshláinte, aer iarbhír a ghabháil, agus freagraí mothúchánacha.

Mar a cuireadh gach píosa leis an saothar, tháinig scéal uathúil faoi thréimhse uathúil chun cinn. Tháinig teistiméireachtaí ó na rannpháirtithe maidir leis an gcaoi a raibh an tionscadal seo ríthábhachtach dá bpróiseas cruthaitheachta agus dá bhfolláine le linn tréimhse dheacair.

Tá gach ceann de cheithre chúige na hÉireann le feiceáil, rud a chuireann an t-oileán ar fad le chéile i bpíosa comhoibríoch amháin. Tá obair ó roinnt de na déantóirí gloine is fearr in Éireann le feiceáil ar The Glass Quilt, rud a chiallaíonn gurb ionann an saothar seo agus ‘punann’ uathúil stairiúil d’ealaíontóirí na hÉireann agus cineáltas a spioraid pobail le linn tréimhse dheacair.
 
Bhíothas in ann tabhairt faoin tionscadal buíochas le tacaíocht ó fheachtas ‘Go dTé Tú Slán’ de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tacaíocht ó Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann.

Ealaíontóirí rannpháirteacha:

Sarah McEvoy
Debbie Dawson
Rachel McDonnell
Alison Maccormaic
Colette Langan
Gwyn Grace
Laura Quinn
Mide Reddin
Sophie Longwill
Evan Connon
Deirdre Buckley Cairns
Grace Brennan
Eva Kelly
Trish Goodbody
Emer O'Donnell
Fiona Byrne
Kathryna Cuschieri
Marie O'Rourke
Patrick Muldowney
Róisín Ní Chionnfhaolaidh
Elke Westen
Rayleen Clancy
Emma O'Toole
Pauline Quigley
Aaron O' Brien Paddy Glassman
Katie Spiers
Jerpoint Glass
Gerry O'Brien
George Walsh
Elaine Prunty
Merce Candell
Denis Byrne
Hattie Billingham
Eamon  Terry
Sarah O'Keeffe
Ann Baldrey
Geraldine Gleeson
Sinead Brennan
Greg Sullivan
Alison Byrne
Marja Huhta
Maggie Napier
Aoife Soden
Róisín de Buitléar
Fred Curtis
Emma Bourke
Eleanor-Jane McCartney
Gillian Carlingford
Donna Coogan
Michelle O Donnell
 

Suíomh:


A Breath of Fresh Air - The Keep Well Glass Quilt Project suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Féach ar saothar ealaíne a chruthaigh 50 ealaíontóirí gloine a tháinig le chéile go fíorúil le linn an tríú babhta de COVID-19, agus an dianghlasáil 12 sheachtain a tháinig ina dhiaidh, chun comhoibriú ar chuilt mhór ghloine. Mar a cuireadh gach cuid leis an saothar, tháinig scéal uathúil faoi thréimhse uathúil chun cinn

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755