Scipeáil chuig ábhar

Nollaig 2020

Laoch Polainnise an Ghorta Mhóir a bhí ligthe i ndearmad

Saorchead isteach

Tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe an taispeántas seo a óstáil. Insítear ann scéal dochreidte agus éachtaí Paul Strzelecki – daonnúlach Polannach a chabhraigh le os cionn 200,000 páiste in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir.

Nikola Sękowska-Moroney is ea a chruthaigh an taispeántas seo ag Ambasáid na Polainne i mBaile Átha Cliath. Tá an taispeántas le feiceáil anois ag NMI – Saol na Tuaithe mar chuid de thuras náisiúnta chuig ionaid éagsúla ar fud na hÉireann.
 
Taiscéalaí agus eolaí Polannach ab ea an Cunta Paul (Paweł) Strzelecki, a raibh cáil air ar fud an domhain. Thoiligh sé teacht go hÉirinn chun dul i ngleic leis an ngorta a réab tríd an tír idir 1847 agus 1849.  Ba é príomhionadaí an British Relief Association (B.R.A) in Éirinn.
 
Chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh Éireannacha a bhí ag fáil bháis den ocras agus ar na leanaí go háirithe, tháinig Strzelecki ar shlí chliste éifeachtach chun cabhrú leo: bia a chur ar fáil do pháistí go díreach trí na scoileanna.
 
Chuir sé ciondálacha laethúla bia ar fáil do leanaí scoile in iarthar na hÉireann, an chuid den tír ba mheasa a bhí buailte ag an ngorta. Cuireadh éadaí ar fáil do pháistí agus múineadh sláintíocht bhunúsach dóibh.
 
Ag buaic an ghorta in 1848, bhí bia á thabhairt ag an B.R.A. do 200,000 páiste nó mar sin ó gach grúpa creidimh, páistí a chaillfí den ocras agus de ghalair murach a n-iarrachtaí.
 
Tholg Strzelecki an fiabhras tíofóideach in Éirinn ach lean sé dá iarrachtaí chun oiread daoine agus a d’fhéadfadh sé a thabhairt slán ón ocras. Bhí ardmheas ag lucht a linne air agus thuill sé an-mholadh. Is iarracht é an taispeántas seo chun a éachtaí agus a oidhreacht a chur i gcuimhne arís don phobal.

Rinneadh ábhar an taispeántais a choimisiúnú ó shaineolaithe sa réimse seo -- an tOllamh Peter Gray (Ollscoil na Banríona Béal Feirste) agus an tOllamh Cúnta Emily Mark-FitzGerald (An Coláiste Ollscoil, Baile Átha Cliath) – agus feicfear ann íomhánna den Ghorta Móra agus den fhóirithint agus den charthanas a tharla lena linn, a fuarthas ó bhailiúcháin in Éirinn, sa Bhreatain, san Astráil agus sna Stáit Aontaithe as mórmhúsaeim agus leabharlanna.
 
Sheol Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigín, an taispeántas a chéaduair ar an  8 Bealtaine 2019 arna óstáil ag Acadamh Ríoga na hÉireann suas go dtí deireadh Lúnasa 2019. Bhí sé ar taispeáint ó shin in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann.
 
Beidh Laoch Polannach den Ghorta Mór, fear a bhí ligthe i ndearmad: Tréaniarracht Paul Strzelecki chun na Mílte a Tharrtháil ar taispeáint ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh go dtí Nollaig 2020.
 
Tá sé i mBéarla agus níl aon táille isteach.
 
Gheofar tuilleadh eolais ar an taispeántas ag www.strzelecki.ie.

 

Suíomh:


Laoch Polainnise an Ghorta Mhóir a bhí ligthe i ndearmad suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Tréaniarracht Paul Strzelecki chun na Mílte a Tharrtháil

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755