Scipeáil chuig ábhar

Tá an taispeántas seo dúnta anois

Snáitheanna Coitianta

African Dress for a Teenager, Olanike Ogundare, Common Threads

Is éard atá sa taispeántas seo ná réimse de shaothar fíorálainn atá mar thoradh de chomhthionscadal a rinne Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus Grúpa Gníomhaíochta Idirchultúrtha Mhaigh Eo (MIA), agus a rinne an t-ealaíontóir pobail Carmel Balfe a éascú. Is Eagraíocht Neamhrialtasach é MIA a bhíonn ag plé le saincheisteanna inimirce agus imeasctha i gcontae Mhaigh Eo.

Cúlra an Taispeántais

Tháinig an tionscadal seo ó mhian a bhí ann an ceangal atá ag an músaem le pobail nua atá ag maireachtáil in Éirinn a choinneáil agus a dhaingniú, agus chun féachaint ar ábharthacht an mhúsaeim agus ar a bhailiúcháin maidir leis na pobail seo. I ndiaidh cuairt thosaigh agus turas treoraithe ar na taispeántais, thug na rannpháirtithe faoi chuairteanna seachtainiúla chuig an Músaem i nDeireadh Fómhair agus mí na Samhna 2008. Gach seachtain, d’oibrigh na mná lena dteicnící féin ag baint úsáide as uirlisí agus ábhair a bhaineann go sainiúil lena gceird féin.

Chuir gach rannpháirtí blas dá cultúr féin in iúl trína saothar aonair féin.

Bhí roinnt scileanna agus smaointe ceardaíochta i measc an ghrúpa agus le foireann an mhúsaeim mar ghné thábhachtach den tionscadal. Bhí roinnt scéalta pearsanta a tháinig chun cinn trí úsáid na ceardaíochta an-tábhachtach chomh maith agus taifeadadh agallamh le gach rannpháirtí i rith an tionscadail.

An Taispeántas

Tháinig togra chun cinn chun an saothar críochnaithe a chur ar taispeáint mar thoradh ar chaighdeán na scileanna ceirde agus an ceangal a bhí acu le taispeántais an mhúsaeim. Tá an saothar críochnaithe ar taispeáint le taobh taispeántais bhuana an Mhúsaeim.

Seo a leanas na Rannpháirtithe sa Tionscadal seo

  • Faoziya Yussuf ón Nigéir 
  • Olanike Ogundare ón Nigéir
  • Favour Ezenna ón Nigéir 
  • Joanna Kuruc ón bPolainn
  • Natalia Pestova ón Rúis 
  • Phaw Shee Hta ó Burma
  • Hsar Bway Say ó Burma 
  • Mi Nyel Win ó Burma

Common Threads Exhibition Catalogue (0.42 MB, Adobe PDF) 

Suíomh:


Snáitheanna Coitianta suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Taispeántas de cheardaíocht fabraice atá déanta ag ochtar ban atá ina gcónaí i Maigh Eo anois

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755