Scipeáil chuig ábhar

Taispeántas taistil é seo anois.

Liathróidí Iomána Fionnaidh

Hair Hurling Balls, Clockwise from top - Lavally, Co. Sligo; Toornageehy, Co. Kerry; Tooreen, Co. Kerry

Sa taispeántas seo de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann – Liathróidí Iomána Fionnaidh – Ná Déantáin is Luaithe sa Chluiche Náisiúnta – tá 14 liathróid iomána déanta as fionnadh clibíneach bó le clúdach de rón trilsithe.

Bhí an-tóir ar an iománaíocht ar fud na tíre, ar pháirceanna abhann, ar thránna agus ar phortaigh. Go dtí go ndearnadh an taighde seo do  Liathróidí Iomána Fionnaidh, is beag a bhí ar eolas faoi na liathróidí iomána a bhíodh in úsáid ar fud na tíre.

Bhí an camán is sine atá ag an Músaeim ar taispeáint. Ón seachtú haois déag nó níos luaithe do na liathróidí go léir. Sa dara leath den dara haois déag a rinneadh an ceann is luaithe – fágann sin go bhfuil sí 800 bliain d’aois!

Nochtann an taispeántas scéal gach ceann acu – cá bhfuarthas iad, conas a rinneadh iad, a n-aois agus cén difear atá idir iad agus na liathróidí nua-aimseartha.

Díríonn an taispeántas freisin ar an taighde eolaíoch trína gcuirtear eolas ar stair na liathróidí seo. Thaispeáin an anailís eolaíoch agus an taighde a rinne an Músaem dúinn cad a tharlaíonn as amharc i músaeim. Léirigh sé i bhfad níos mó ná mar a bheadh le feiceáil le súil an duine...

Tá go leor liathróidi ann as Cúige Mumhan – as an gClár, tuaisceart Chiarraí, Iarthar Luimnigh agus Tiobraid Árann (tá ceann amháin i Músaem Poiblí Chorcaí agus ceann eile i Músaem Contae Chiarraí). Tá liathróidí ó oirthear Shligigh ann freisin agus is ó thuaisceart Mhaigh Eo a tháinig an liathróid is déanaí isteach i mbailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann. Daoine a bhí ag baint móna de láimh i bportaigh le 100 bliain anuas a d’aimsigh iad ar fad.

Tá samplaí de chamáin ó na blianta atá díreach thart agus sliotair ó laochra iomána an lae inniu i measc na nithe ata le feiceáil sa taispeántas iontach seo, a chonacthas den chéad uair in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Bain taitneamh as an taispeántas seo i Músaem Cathrach Luimnigh in 2023

Bhí an taispeántas seo ar taispeáint sna músaeim seo a leanas:

Músaem CLG - Páirc an Chrócaigh 
Músaem Cathrach na Gaillimhe
Músaem Contae Thiobraid Árann
Músaem Poiblí Chorcaigh

 

Suíomh:


Liathróidí Iomána Fionnaidh suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Taispeántas faoi na déantáin is luaithe dár gcluiche náisiúnta.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755