Scipeáil chuig ábhar

Go dtí Iúil 2020

Cumhacht na Cistine: Taithí na mban ar leictriú na tuaithe

Saorchead isteach

Image courtesy of the ESB Archive

"Is cuimhin liom i gcónaí mo mháthair ag rá, “Táim sna flaithis, caithfidh go bhfuilim sna flaithis...de bhrí gur bhain sé an sclábhaíocht den obair dhian a bhí le déanamh ag daoineo." 
Maureen Gavan, faoi agallamh i mí Feabhra 2017


​Cuireadh an taispeántas seo i dtoll a chéile i gcomhpháirtíocht le Kingston University agus leis an Arts & Humanities Research Council (AHRC) agus le tacaíocht ón ESB, ón Irish Farmer’s Journal, ó Age & Opportunity, agus ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe Mhaigh Eo i Leitir Fraic, agus is é an príomhtaispeántas sealadach a bheidh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe i mbliana.

Cuid den taispeántas is ea cuairteoirí a bhreith ar ais chuig am níos luaithe, trí dhéantáin agus fógraí na linne sin, samhail de chistin ESB/ICA ó na 1950í a thóg GMIT Leitir Fraic ar son an taispeántais, obair theicstíle a choimisiúnaigh Age & Opportunity agus scéalta ó na daoine ar chuir an t-athú mór seo cor nua ina saol féin an uair sin in Éirinn.

Gheofar tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Electric Irish Homes agus tá tuilleadh eolais ar an tionscadal ealaíne teicstíle le fáil ar Our Irish Heritage.

Suíomh:


Cumhacht na Cistine: Taithí na mban ar leictriú na tuaithe suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Ba é leictriú na tuaithe ba chúis leis an gclaochlú a rinneadh ar shaol na mban in Éirinn sna 1950í agus sna 1960í. Chuir gléasanna laethúla mar an meaisín níocháin deireadh leis an scábhaíocht a ghabh le mórchuid obair tí. Sa taispeántas tarraingteach seo, féachtar ar an tslí ar fógraíodh na gléasanna sin, agus mar a cuireadh chun cinn iad mar chuid den saol nua-aimseartha, agus cibé ar fíoraíodh na gealltanais sna fógraí i gcistiní mhuintir na tuaithe. 

Imeachtaí a Bhaineann leis an Taispeántas seo

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755