Tá an taispeántas seo dúnta anois
Séamus Mag Uidhir, Béaloideasóir Mhaigh Eo
Saorchead isteach
Rugadh Séamus Mag Uidhir in Dubh Thuama i 1902. Thaisteal sé ar a rothar in rith na triochadaí ag bailiú agus ag breacú síos scéalta agus béaloideas ó mhuintir Mhaigh Eo. Bhí toradh a shaothair curtha i gcló aige go forleathan i gcnuachas leabhar agus sraith altanna i mBéaloideas ag an gCumann Béaloideas na hÉireann.
Tá an taispeántas á chur le chéile ag clan Mhig UIdhir chun saol iomráiteach Shéamuis a chomóradh go caoithiúil maidir leis an obair fíor thábhachtach atá déanta aige ó thaobh bhailiúcháin bhéaloidis de agus forbairt agus cothú na Gaeilge.
Ag fáiltiú an tispeántais go dtí an Músaem, dúirt an Leas-Choiméadaí, Clóda Uí Dhúill:
Is mór an onóir don Músaem na cláir eolais, atá curtha le chéile ag clan Shéamuis mar bhéaloideasóir a cheiliúradh. Léiríonn na lámhdhéantasáin a feictear anseo sa Mhúsaem gnáth shaol na ndaoine ach, bhailigh Séamus a scéalta.
Séamus Mag Uidhir
Rugadh agus tógadh Séamus I Dubh Thuama, áit a raibh an Ghaeilge beo bríomhar i measc na ndaoine ag an am. Ba chuid de ghnáth shaol na ndaoine, an seanchaíocht, fiannaíocht, pisreoga agus béaloideas. D'fhreastal Séamus ar an scoil náisiúnta áitiúil agus I rith an tsamhraidh chaith sé a óige ag obair lena athair ar a mbád, Fág a' Bealach. Sa bhfómhar théadh sé go hAlbain ag piocadh fataí.
Ceapadh Séamus mar bhailitheoir bhéaloidis agus tá toradh a chuid oibre le feiceáil i mBéaloideas. Bhí sraith altanna I gcló sa nuachtán an tÉireannach ó 1935 go 1937 faoi ainm cleite Sliabh Chairn. Bhí cáil air mar thaistealaí ar a rothar ag dul ó bhaile go baile ag bailiú scéalta i gContae Mhaigheo, ar fud Iorrais, Acaill agus Túr Mhic Éide.
D'freastail Séamas ar chúrsaí I gColáiste Samhraidh i dTúr Mhic Éide in 1936. Bhí na cúrsaí seo aimsithe ar mhúinteoirí ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ceapadh Séamus mar Timire Gaeilge do Chonradh na Gaeilge i gCoillte Mach, Bealach a' Doirín agus Béal Athá na Muice áit a casadh a bhean chéile, Úna Ní Eineacháin, oide scoile náisiúnta, air. Thainic sí chuig a ranganna le Gaeilge a fhoghlaim! Pósadh iad i mí Lúnasa, 1940.
Taréis tamaill a chaitheamh ag múineadh in Acaill ceapadh é mar mhúinteoir sa Ghairmscoil i mBéal an Átha.
Bhí breis altanna foilsithe aige ins An tÉireannach, Scéala Éireann agus an Irish Independent ach b'é a mhór shaothar na leabhair a bhí foilsithe aige, Dhá Chrann na Marbh 1939, An Marcach Dubh 1940, Fánaíocht I gContae Mhuigheo 1944 agus Idir Talamh agus Traigh 1953. Bailiúchán de scéalta, stair, tradisiúin, seanchas agus eachtraí áitiúla a bhí sna leabhair seo.
Craobhscaoileadh na scéalta seo ar Radio Éireann ó 1954 anonn. Ó 1964 bhí sliocht seachtainiúil ag Séamus foilsithe sa Western People faoin ainm cleite An Preachán Néifin, Foilsíodh an talt deireannach I Márta 1969.
Cailleadh Séamus i mí Bealtaine, 1969 agus seo mar a scríobh a chara agus a chomhkeacaí Aodh Ó Núalláin faoi; "Múinteoir, scríbhneoir, seanchaí, scoláire - bhí sé oilte ar a lán bealaigh agus chomh maith le sin fíor chríostaí a bhí ann agus fíor dhuine uasal."
Tá an taispeántas, Séamus Mag Uidhir, Béaloideasóir Mhaigh Eo á léiriú ag leibhéil A, Príomh Ghailearaí Taispeána ag an Ard-Mhúsaem na hÉireann -Saol na Tuaithe, Teach Pháirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh Co. Mhaigh Eo.
Suíomh:
Séamus Mag Uidhir, Béaloideasóir Mhaigh Eo suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
The remarkable life and work of Erris born folklorist and writer Séamus Mag Uidhir is being celebrated in a new panel exhibition on Level A of the galleries
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755