Scipeáil chuig ábhar

Ón 5 D. Fómhair 2020

An Gailearaí Clóis: Crown beoir

Saorchead isteach

Mionlach eitneach dúchasach is ea Taistealaithe nó Mincéirí na hÉireann agus bhí siad mar chuid de shochaí na hÉireann riamh.

Tá traidisiúin, luachanna cultúrtha, teanga agus nósanna ar leith ag Taistealaithe a dhéanann grúpa ar leith díobh. Cuid de shaol agus de chultúr na dTaistealaithe is ea an fhánaíocht, a idirdhealaíonn idir iad agus an pobal socraithe.

Tá slite uathúla ag Taistealaithe ban chun iad féin a chur in iúl ó thaobh na haeistéitice de, go háirithe trína gcuid gruaige agus is díol spéise é an cóiriú sainiúíl gruaige a chleachtann siad.

Cén fáth a roghnaíonn siad an sileadh fada sómasach seo - trilseáin, rollaí, ribíní, cocáin agus coirníní gruaige? Cad atá le rá ag na mná i dtaobh a gcuid gruaige, an chuma atá uirthi, na traidisiúin agus na deasghnátha a ghabhann léi agus an chiall a bhaineann siad féin as?

Sna portráidí machnamhacha sna taispeántais seo is féidir go bhfaighimid cuid de na freagraí.

Is í an ghruaig mar shiombail chumhachtach cultúir agus féiniúlachta is ábhar don taispeántas uathúil grianghrafadóireachta seo a bheith ar taispeáint ón 5 D. Fómhair 2020 ag Gailearaí an Chlóis (láimh le caifé an Mhúsaeim).

Baineann an taispeántas seo le tionscadal dar teideal Crown - Hair and Identity a dhíríonn ar Thaistealaithe/Mhincéirí ban agus cailíní agus ar an gceangal idir an ghruaig agus féiniúlacht, eitneacht, cultúr agus inscne.

Tagann ainm an taispeántais ó Gammon/Cant, teanga na dTaistealaithe, inarb é beoir an focal ar bhean.

Cuirtear Crown beoir i láthair in éineacht leis an taispeántas Crown lakeen, ina ndírítear ar na cailíní a bhí páirteach sa tionscadal. Tá sé le feiceáil ag Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh. Tuilleadh eolais ar Crown lakeen.

Ba í Breda Mayock a chuir tús le Crown - Hair and Identity tar éis obair a dhéanamh le Taistealaithe ban agus cailíní in Ionad Óige na Mailpe, Baile an Róba, agus le Grúpa Tacaíochta do Thaistealaithe Mhaigh Eo.

D’oibrigh sí leis an ngrianghrafadóir Orla Sloyan chun pictiúir de na mná a thógáil, le béim ar leith ar a gcuid gruaige.

Gheofar tuilleadh eolais ar an tionscadal agus ar na taispeántais ag www.crownupclose.ie.

Admhaítear an tacaíocht fhial a fuarthas don obair seo ó Éire Chruthaitheach Mhaigh Eo, ó Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus ó Chiste Éire Shláintiúil.

Suíomh:


An Gailearaí Clóis: Crown beoir suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Taispeántas sa Ghailearaí Clóis ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755