Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Tuí, Féar & Luachra

Saorchead Isteach

Straw Nest
  • Diallait marcaíochta déanta as luachra
  • Nead circe as tuí
  • Painéal paca féir
  • Ciseáin, coirteoga, mataí agus tochtanna
  • Cathaoireacha agus coiléir
  • Buaracha agus suíocháin

 

D'úsáid coimeádaí an Mhúsaeim cás taispeána ar an seandéanamh -- caibinéad iontas -- chun an oiread rudaí spéisiúla is ab fhéidir a chur isteach ann.

An bhfuil an tocht sin compordach le luí síos air? An bhfuil an chathaoir bog agus réidh nó crua agus scríobach? Tar agus faigh amach duit féin ag an taispeántas iontach idirghníomhach seo.

.

Nead tuí

An eol duit gurb é an tslí is fearr le feoil a chur ar chearc í a chur isteach i gcás trilseach gan aon spás aici le bogadh timpeall??

Tá cearca á mbeathú mar bhia in Éirinn ó bhí an 7ú haois AD ann. Dhéantaí ‘neadacha’ trilseach tuí ar feadh na gcéadta bliain ina mbeireadh an chearc a cuid uibheacha agus ina ngortaí iad.

Na cleamairí agus an Bacach

Arbh eol duit gur nós le daoine áirithe in Éirinn iad féin a ghléasadh i dtuí?

Sa 17ú haois bhí fear a dtugtaí an Bacach air ag gabháil ó áit go háit le scéalta nuachta agus scéalta eile. Déirceoir gairmiúíl a bhí san fhear seo agus thugtaí bia agus deoch dó mar aon le leaba le síneadh amach air sna tithe a ndeachaigh sé isteach iontu. Chosain sé é féin ar an bhfuacht agus ar an bhfearthainn trí chlóca tuí a chaitheamh.

Arbh eol duit go dtagann cleamairí chuig bainiseacha in Éirinn i gcónai?

Cleamairí a thugtar fós ar aíonna ‘gan chuireadh’ ag bainiseacha in áiteanna i gContae Shligigh, Mhaigh Eo agus an Chláir, agus caitheann siad éadaí tuí faoi mar a dhéanadh an Bacach

Traidisiúin fáiltithe

Arbh eol duit go mbíodh sé de nós ag daoine luachra a leathadh ar an talamh chun fáilte a chur roimh chuairteoirí isteach sa teach?

Sean-nós in Éirinn ab ea é seo. Bhí sé coitianta chomh fada siar leis an 8ú haois AD agus bhí sé coitianta fós i gceantair áirithe suas go tús an fhichiú haois. Nath a bhíodh ag daoine in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ab ea
“If I knew you were coming I would have spread green rushes for you”.

 

Suíomh:


Tuí, Féar & Luachra suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Gheofar léiriú sa taispeántas ar sheiftiúlacht na ndaoine seo a d’fhéadfadh rud a chruthú as neamhní nuair a bhí na daoine beo bocht ach flúirse ábhar dúchasach ann agus meas ag daoine air.
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755