Taispeántas Sealadach
Crónán na mBeach
Saorchead Isteach
Buail isteach chuig Crónán na mBeach, taispeántas ina rachaimid ar thuras go domhan an-spéisiúil bheacha na hÉireann.
An raibh a fhios agat go bhfuil níos mó ná 100 speiceas éagsúil beach in Éirinn, ach nach ndéanann ach ceann amháin de na speicis sin mil? Nó go raibh beacha chomh tábhachtach sin i stair na hÉireann go bhfuil a n-éarlamh féin acu fiú?
Bígí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhraíocht bheacha na hÉireann, ar a ról ríthábhachtach sa dúlra, agus ar an gceangal speisialta atá acu linn.
Faigh amach an fáth a bhfuil an teideal ‘éarlamh na mbeach’ ar Naomh Gobnait in Éireann agus faigh amach faoi shaol na mbeach laistigh den choirceog.
Faigh amach conas a chuaigh beacha i gcion ar ár gcultúr leis na céadta bliain, agus déan iontas dár saothair ealaíne agus dár ndéantáin atá spreagtha ‘ag na beacha’.
Agus tú ag dul tríd ár gcoirceoga staire b’fhéidir go dtiocfá ar an líníocht fhíneáilte de Naomh Gobnait, a bhfuil beocht curtha ann ag lámh oilte an ealaíontóra gloine daite Harry Clarke. Is féidir leat an ‘Gúna Beachach’ íocónach arna dhéanamh ag Alice Maher a fheiceáil freisin.
Fáilte chuig Crónán na mBeach. Bíodh do thuras chomh milis le mil agus iniúchadh á dhéanamh agat ar thionchar spreagúil bheacha na hÉireann ar ár gcultúr agus ar ár dtimpeallacht.
Suíomh:
Crónán na mBeach suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
Faigh amach faoi thionchar fí orspéisiúil bheacha na hÉireann ar ár gcultúr agus ar ár dti mpeallacht
Saol na Tuaithe
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755