Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Ceirdeanna agus Ceardaíocht

Saorchead Isteach

De láimh a dhéantaí formhór na n-earraí a d’úsáid daoine ina saol laethúil sula raibh an t-olltáirgeadh earraí coitianta. As ábhair a bhí ar fáil ina gceantar féin a rinneadh a mórchuid. Bhí na gnáthdhaoine oilte i gceirdeanna éagsúla agus bhí ar a gcumas crúbóga, troscán adhmaid, cré-earraí éagsúla agus go leor eile a dhéanamh.

Feictear an éagsúlacht réigiúnach ó thaobh ábhair agus dearaidh sna déantáin teaghlaigh seo a bhí cosúil ó thaobh feidhme.. Ní annamh a fhaightear stíleanna ar leith cathaoireacha, cuinneog ime nó díonta ceann tuí i gceantair dhifriúla faoin tír. Is amhlaidh a bhí de bharr a éagsúla a bhí na hábhair as a rinneadh iad, éagsúlacht i scileanna na ndéantóirí, agus i ngeall ar thraidisiúin agus roghanna pearsanta.

Úsáid phraiticiúil

Cé go mbíodh earraí a dheineadh ceardaithe tuaithe an-álainn iontu féin, ba é an phraiticiúlacht seachas an dúil san áilleacht ba threise. Níor ghnách do cheardaithe traidisiúnta dul i muinín tomhas nó patrúin scríofa, ach ba é an scil agus an cruinneas de thoradh printíseacht dhian agus taithí leathan comhartha sóirt a gcuid oibre. Chuirtí na scileanna ar aghaidh ó ghlúin go glúin, laistigh den aon teaghlach amháin go minic, ionas go mbíodh glúnta ceardaithe ann a chloígh leis na patrúin agus na foirmeacha traidisiúnta sna déantáin a rinne siad. Ba mhinic gurbh é an gabha, deileadóir adhmaid nó cearpantóir áitiúil a rinne a gcuid uirlisí, agus thagaidís anuas ó athair go mac.

Earraí olltáirgthe

Chuaigh ról na gceardaithe i léig de réir mar a thosaigh earraí olltáirgthe ag teacht isteach sna bailte agus sna sráidbhailte, a bhuí le córacha agus líonraí nua iompair. Ghabh an tarracóir áit an chapaill, agus ní raibh an tóir chéanna ar an ngabha ná ar an déantóir úma. Ní raibh na ciseáin chomh tábhachtach céanna nuair a d’éirigh earraí plaisteacha agus earraí i bpacáistiú cairtchláir coitianta. Ghabh troscáin a rinneadh i monarchana as ábhair nua ar nós sraithadhmaid áit na stíleanna dúchasacha.

Suíomh:


Ceirdeanna agus Ceardaíocht suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Faigh amach conas a d’úsáid ceardaithe traidisiúnta a gcuid scileanna agus a gcuid uirlisí chun rudaí úsáideacha laethúla a dhéanamh, go minic as ábhair a bhí ag fás sa cheantar.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755