Scipeáil chuig ábhar

On Sight 2020

'Straw Sister' - A.I. Straws, wheat straws, aluminium wire, cable ties, glue, fabric, elastic, clothing, mannequin, steel, cement.

On Sight 2020 – Bronnadh coimisiúin ar Maria McKinney

Tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Mayo Artsquad seoladh 'Straw Sister', leis an ealaíontóir Maria McKinney, a fhógairt.



Is tionscadal ealaíon bliantúil é On Sight a bhíonn ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. Is é Ard-Mhúsaem na hÉirean – Saol na Tuaithe agus Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo a mhaoiníonn On Sight i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, le tacaíocht ó Artsquad Mhaigh Eo. Is é cuspóir an tionscadail saothair a chur á gcruthú ag ealaíontóir/í nó compántais ealaíne in áit a oireann go speisialta don saothar ealaíne i dtrácht agus cuairteoirí a spreagadh chun téamaí an Mhúsaeim a iniúchadh trí na saothair ealaíne seo. 

Tá togra nuálach a chuirfidh daoine ag smaoineamh ceaptha ag McKinney do On Sight 2020 chun taiscéaladh a dhéanamh ar thraidisiún na nDreoilíní in Éirinn agus ar an inseamhnú saorga i bpórú eallaigh.

Thug Clodagh Doyle, Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe faoi deara gur thug traidisiún

an mhaisc ócáid spraoi, faoiseamh do dhaoine ó shrianta a bhféiniúlacht féin. Léirítear an spraoi sin i ndealbhóireacht Maria. Nascann sé ár ndéantáin tuí le déantáin a bhaineann le fómhar na feirme. Tá ár mbéaloideas i gcónaí ag fás agus ag forbairt trí dhul in oiriúint d'athruithe. Gabhann cleachtais nua áit na gcleachtas traidisiúnta  agus cé gurb í an eolaíocht an t-údar le go leor athruithe i saol an fheirmeora anuas trí na mblianta agus cé gur cleachtas traidisiúnta feirmeoireachta í an t-insealbhú saorga anois, gabhfaidh rud éigin nua a áit lá éigin. Is bealach geal ildaite é na soip seo a fhí le chéile chun féachaint athuair ar an traidisiún sin.


- Maria McKinney & 'Straw Sister'

Mar gheall ar na healaíontóirí

Ealaíontóir as Dún na nGall is ea Maria McKinney. Tá sí ag fáil Coimisiún Céatadán don Ealaín faoi láthair ó Chomhairle Contae Loch Garman agus is ball í de Stiúideonna Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath.
Tá saothair dá cuid le feiceáil i mbailiúcháin na Comhairle Ealaíon, The Museum of English Rural Life, Reading, Europol, Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Banc na hÉireann.
Ar na taispeántais ar ghlac sí páirt iontu le déanaí bhí taispeántas aonair ag an Museum of English Rural Life, Reading, RA, agus seónna grúpa in Gregg Museum, North Carolina, SAM; Bozar, An Bhruiséil; Sunderland Museum, RA, agus Pace University Gallery, Nua-Eabhrac, SAM.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755