Scipeáil chuig ábhar

On Sight 2023

Community open day for On Sight 2023. Image: Conor McKeown

Cuireann On Sight 2023 bealach sealadach ealaíon i láthair ina bhfuil seacht saothar nua scaipthe ar fud coillearnaí agus gairdíní Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Tá suiteán a chruthaigh Artsquad Mhaigh Eo i gcomhar le pobail áitiúla ar an mbealach freisin.

Faigheann saothair ealaíne On Sight 2023 inspioráid ó bheacha agus óna bpátrún Naomh Gobhnait, chomh maith le bithéagsúlacht agus ó cleachtais agus ábhair ealaíon ísealtionchair.


Íoslódáil an léarscáil chonair ealaíne On Sight 2023 (PDF. 1MB)


Bhí lá oscailte bríomhar pobail ag On Sight 2023 freisin mar chomóradh 25 bliain Scuad Ealaíon Mhaigh Eo (Mayo Artsquad). Bhí clár iomlán de cheardlanna praiticiúla, taispeántais, ceol, filíocht agus oirfidigh sorcais ar an lá oscailte, an 27 Bealtaine 2023.

Tionscnamh bliantúil is ea On Sight a thacaíonn le saothair ealaíne atá sainiúil don suíomh a chruthú ar thailte Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe. Is tionscadal comhpháirtíochta é le Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Scuad Ealaíon Mhaigh Eo agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Mhaoinigh an Chomhairle Ealaíon agus Éire Cruthaitheach an tionscadal freisin in 2023.

Maidir leis an Mayo Artsquad

Bunaíodh iad in 1997 le tacaíocht ó FÁS, agus cuireann Artsquad Chomhairle Contae Mhaigh Eo oiliúint den scoth ar fáil i scileanna ealaíon pobail do chúigear rannpháirtí déag gach bliain.

Tagann rannpháirtithe Artsquad ó chúlraí atá an-éagsúil agus oibríonn siad le grúpaí ó gach pobal, ag cur ceardlanna, oiliúint agus téatar sráide ar fáil, ag soláthar raon tionscadal tarraingteach ealaíon ar fud Chontae Mhaigh Eo, lena n-áirítear an tionscnamh bliantúil On Sight ar thailte an Mhúsaeim.

Is tionscnamh ealaíon pobail é an Mayo Artsquad, a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus atá urraithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755