Scipeáil chuig ábhar

An Siopa Bronntanas

Bronntanais, earraí ceirde agus leabhair le brabhsáil i Siopa Bronntanas an Mhúsaeim

Sa roinn earraí ceirde gheofar rogha mhór blaincéad, stocaí agus scaifeanna de gach cineál déanta as olann; babhlaí agus vásaí adhmad-deilte; earraí scéimhe déanta as feamainn; agus cumhráin Bhoirinne – geallaimid go gcuirfidh bronntanas ar bith as seo faoi dhraíocht thú.

Cártaí poist agus cártaí beannachta: Íomhánna dubh is bán ón saol mar a bhí ar chártaí poist den scoth, agus cártaí beannachta maidir le gach ócáid.

Seodra: Timpeallacht nádúrtha tuaithe Mhaigh Eo a spreag.

Foilseacháin an Mhúsaeim: Leabhair a ghabhann leis na buantaispeántais agus na taispeántais shealadacha

Leabhair ghinearálta: I siopa Mhúsaem Shaol na Tuaithe is féidir le cuairteoirí eolas a chur ar chultúr na hÉireann san am a ghabh romhainn i rogha leathan leabhar faoin stair, faoi shaol na ndaoine, faoi na traidisiúin agus faoin draíocht.

Táirgí nádúrtha scéimhe: Seo táirgí folctha feamainne agus gallúnacha nádúrtha lámhdhéanta in Éirinn a thabharfaidh blaiseadh de shaol na bhfuíoll duit ach ar phraghas réasúnta.

DVD agus CDanna: Tá DVD de Shaol na Tuaithe in Éirinn sa chuid luath den fhichiú haois ar fáil le ceannach mar aon le rogha mhór CDanna de cheol traidisiúnta na hÉireann.

Bronntanais do Leanaí: Pinn, pinn luaidhe, leabhair nótaí agus leabhair dhathadóireachta.

Póstaeir: Rogha leathan póstaer ar théamaí éagsúla ónár dtaispeántais.

Earraí ceirde: Ceirmeacht, vásaí/babhlaí adhmaid lámhdheilte agus earraí gloine ceardaithe a léiríonn téama an Mhúsaeim seo.

Stocaí agus scaifeanna: Stocaí lámhchniotáilte ó oileáin amach ó chósta Mhaigh Eo agus blaincéid nó scaifeanna te teolaí in uigí agus i ndathanna éagsúla.

Mála cadáis siopadóireachta: Pictiúir de láthair Shaol na Tuaithe ar mhála cadáis siopadóireachta mar chuimhneachán ar do chuairt.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755