Scipeáil chuig ábhar

Caifé Synge & Byrne

Is é Caifé Synge & Byrne an áit fhoirfe chun do scíth a ligean agus d’anáil a tharraingt le linn do chuairte ar an Músaem.

Cuireann sé biachlár ar fheabhas ar fáil ar a bhfuil roghanna i gcomhair bricfeasta, lóin, béilí do pháistí agus sailéid bhlasta aitheantais, in éineacht le roghanna milse óna bhácús inmheánach.

Tá an caifé lonnaithe i suíomh iontach, Clós Theach Pháirc Thurlaigh, in aice le Siopa an Mhúsaeim.

Synge-Byrne-logo-500.pngLe foireann thiomanta atá paiseanta maidir le seirbhís mhaith, bia iontach agus an cupán foirfe caife, is áit idéalach é Synge & Byrne chun clabhsúr a chur ar lá sa Mhúsaem, aistear sa choillearnach nó babhta rothaíochta Glasbhealaigh.

Is é Synge & Byrne an áit fhoirfe chun imeacht nó ceiliúradh speisialta a óstáil freisin, le cuid mhór suíocháin faoin aer ar fáil sa Chlós. Déan teagmháil leis an bhfoireann ag Synge & Byrne ag (094) 928 9050 nó cuir ríomhphost chuig turloughpark@syngeandbyrne.com le haghaidh iarratais lónadóireachta agus iarratais i leith grúpaí.

Íoslódáil biachlár Synge & Byrne (PDF 1MB)


Roghchlár lónadóireachta

An bhfuil ócáid á pleanáil agat? Bain an stró as an imeacht atá beartaithe agat trí chuid de roghanna lónadóireachta a chuireann Synge & Byrne ar fáil a ordú.

Íoslódáil an roghchlár lónadóireachta (PDF 1.5MB)


Cuairteanna ó ghrúpaí

Tá raon leathan roghanna bia do ghrúpaí le fáil ó Synge & Byrne ag an Músaem. Is féidir bia ghrúpa a chur in áirithe roimh ré trí chóras áirithinte áisiúil ar líne (do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó).

Tabhair cuairt ar an áis áirithintí bia do ghrúpa ar líne chun tuilleadh a fháil amach.


Uaireanta oscailte: Máirt go Domhnach, 10r.n. go 5i.n. | Luan, 12r.n. (meán lae) go 5i.n.
Teileafón: +353949289050
Ríomhphost: turloughpark@syngeandbyrne.com


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755