Scipeáil chuig ábhar

Féarbhealach an Mhúsaeim

Tabhair cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe agus bíodh turas rothaíochta ag an gclann go léir ar fhéarbhealach ardscéimhe.

Anois go bhfuil féarbhealach ann idir Caisleán an Bharraigh agus Turlach is féidir le cuairteoirí ar an Músaem tús a chur lena gcuairt le turas rothaíochta ó Loch Lannagh, Caisleán an Bharraigh, feadh chosán 10 km, amach ón mbóthar den chuid is mó, suas go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.

Leanann an féarbhealach cúrsa na Siúire trí cheantair shíochánta tuaithe agus coillearnach, agus tá mórchuid láithreacha suimiúla ar an mbealach. Críochnaíonn an féarbhealach i dtailte áille Pháirc Thurlaigh, an t-aon mhúsaem atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Tá an féarbhealach ceaptha do shiúlóirí caitheamh aimsire, bogshodairí agus rothaithe, agus meastar go bhfuil sé idir éasca agus measartha éasca. Tá comharthaíocht mhéire mar threoir ó thús deireadh an fhéarbhealaigh: téacs gorm agus siombailí ar chúlra bán.

Tógann turas rothaíochta ar an fhéarbhealach uair an chloig de ghnáth, tógann sé dhá uair an chloig é a shiúl, agus moltar duit uair an chloig go leith a chur i leataobh do do chuairt ar Bhailiúchán Shaol na Tuaithe na hÉireann.

Bí cinnte go gcaitheann tú tamall sna gairdíní áille Victeoiriacha agus i bhfearann páirce Pháirc Thurlaigh.
Is féidir leat sos a bheith agat i gcaifé an Mhúsaeim, ina ndíoltar snaiceanna, lón, tae, caife agus milseoga baile.

Tá áit le rothair a fháil ar cíos i gCaisleán an Bharraigh láimh leis an bhféarbhealach. Tá áiteanna sábháailte sa mhúsaem leis an rothar a fhágáil.


Useful links 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755