Scipeáil chuig ábhar

Deich Rud Mhóra le Déanamh ag Teaghlaigh

Tá an oiread rudaí anseo sa Mhúsaem ar féidir le teaghlaigh taitneamh a bhaint astu le chéile - agus gach ceann díobh saor in aisce

1. Gabh siar

Cuir eolas ar Bhailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine féachaint conas a mhair daoine fadó. Foghlaim faoi cheirdeanna atá ann leis na cianta, féach ceárta an ghabha, trealamh feirmeoireachta agus an cineál tí a bheadh ag gnáthdhaoine in Éirinn sa 19ú haois

2. Cuir eolas ar leagan nua seanda díot féin!

Cad a chaithfeá dá mb'ann duit sna 1800í? Faigh amach ag stáisiún gléasta suas na bpáistí, áit a bhfaighfidh tú hataí agus éadaí ó thráth dá raibh. Ná dearmad roinnt féiníní a thógáil le taispeáint do do chairde ar dhul abhaile duit!

3. Suas leat ar do rothar

Tabhair cuairt ar an músaem agus caith tamall ar an nGlasbhealach an lá céanna. Beidh spraoi ag an teaghlach ar fad. 'Éasca go measartha' an rangú atá ag an turas 10km Ghlasbhealach an Mhúsaeim agus nascann sé Loch Lannagh i gCaisleán an Bharraigh agus tailte Pháirc Thurlaigh. Gheofar áiseanna páirceála do rothair ag an músaem agus tá rothair ar cíos le fáil i gCaisleán an Bharraigh.

4. Bí i do thaiscéalaí coillearnaigh

Amach leat ag taiscealaíocht sna coillte. An aithníonn tú na crainn? Tá níos mó ná cineál amháin anseo. Féach an féidir leat an crann is sine i bPáirc Thurlaigh a phiocadh amach.

5. Imir cluichí a bhíodh ag páistí fadó

Tóg an Bosca Cluichí ar iasach ón oifig fáilte go bhfeicfidh tú na cineálacha cluichí a d'imir páistí fadó. Bain triail as cluichí traidisiúnta ar nós Queenie-I-O, Cúig Scláta agus Donkey.

6. Caith súil ghéar ar an stair

Caith súil ghéar ar an stair ag an Stáisiún Fionnachtana. Cuir lámh ar rogha déantán agus féach an féidir leat an úsáid a bhain ár sinsir astu a dhéanamh amach. Bí ag faire amach do na comharthaí glasa ‘Cuir Lámh Air’ ag taispeáintí áirithe sna gailearaithe.

7. Cláraigh d'ócáid spraoi

Cuireann an Músaem clár imeachtaí saor in aisce ar fáil ó cheann ceann na bliana. Bíonn go leor imeachtaí teaghlaigh ina measc - ceardlanna ealaíne, ceardaíocht, siúlóidí dúlra agus tuilleadh. Brabhsáil na himeachtaí is déanaí uainn agus cláraigh le taitneamh a bhaint as imeacht teaghlaigh.

8. Gabh ar chosán gníomhaíochta

Tá bileoga gníomhaíochta agus cosáin músaeim saor in aisce ar fáil ón oifig fáilte. Ar chosán amháin iarrtar ar leanaí (agus daoine fásta) Peader an Dallóg Fhraoigh Bhídeach a aimsiú (tá sé i bhfolach in áiteanna éagsúla sna gailearaithe).

9. Bí fiáin sa chlós eachtraíochta

Osclaíodh an clós coillearnaigh nádúrtha seo in 2018; tá sé i suite in áit álainn agus is féidir dul le báiní ann. Bíodh spraoi agat ar na luascáin, ar na sleamhnáin, sna tithe spraoi, ar na barraí moncaí agus ar na céimeanna nádúrtha dreapadóireachta.

Leigh Nios mo

10. Rud éigin milis duit

Tabhair cuairt ar an gcaife sa chlós agus bíodh rud éigin milis agat ag deireadh an lae. Gheofar lón agus béilte beaga teo agus fuara, rogha milseog lámhdhéanta agus tae agus caife speisialtóra. Bíonn seacláid the ar fáil do leanaí ar €1 sa samhradh.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755