Scipeáil chuig ábhar

Cuairt fhíorúil ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe

Cé go bhfuil gailearaithe an Mhúsaeim dúnta anois mar gheall ar threoirlínte sláinte poiblí COVID-19, is féidir leat taitneamh a bhaint as cuairt fhíorúil fós. Úsáid an breathnóir 3T seo chun cuid de na taispeántais is mó a bhfuil tóir orthu a fheiceáil.

Cuairt Fhíorúil – Leibhéal A.

Tugann an leibhéal seo tús eolais ar shaol na tíre, ar bhéaloideas agus ar choincheap na rómánsaíochta i gcomparáid leis an réaltacht. Tá rogha éadaí traidisiúnta ó Oileáin Árann ar taispeáint freisin, lena n-áirítear baill éadaigh olla sníofa ag an mbaile, geansaithe cniotáilte, caipíní agus pampútaí (bróga traidisiúnta as craiceann ba).

 

Cuairt Fhíorúil 2 – An Saol ar an Talamh agus ar an Uisce

Taispeánann an taispeántas seo an chaoi ar oibrigh feirmeoirí traidisiúnta na hÉireann i dtiúin leis na séasúir chun bia a fhás agus a bhailiú. Faigh amach faoi mhodhanna iascaireachta agus faoi na báid a d’úsáid daoine a d’iompaigh ar an bhfarraige, an abhainn agus an loch lena bhfómhar a bhaint.


 

Cuairt Fhíorúil 3 – Ceirdeanna agus Ceardaíocht

Sa taispeántas seo, is féidir le cuairteoirí breathnú ar na huirlisí agus na rudaí lámhdhéanta a rinne an gabha, an deileadóir adhmaid agus an siúinéir as ábhair a fuarthas ina gceantar féin. Is minic a tugadh ceirdeanna ar aghaidh ó ghlúin go glúin.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755