Scipeáil chuig ábhar

Slí an Atlantaigh Fhiáin Co Mhaigh Eo

Tabhair cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann láimh le Slí an Atlantaigh Fhiáin i gCo. Mhaigh Eo.

 
Turas feadh an chósta nach ndéanfaidh tú dearmad air is ea Slí an Atlantaigh Fhiáin. Tá 2,500 ciliméadar ann feadh líne chósta sceirdiúil iarthar na hÉireann, ceantar atá gan milleadh. Tá radhairc amach ón bhféarbhealach a bhainfidh an anáil díot. Tá fad 543 ciliméadar sa chuid sin den tSlí atá laistigh de theorainneacha Chontae Mhaigh Eo, agus tá 31 Pointe Spéise ann mar aon le dhá Phointe Aitheantais nár chóir a fhágáil amach as do thuras.
 
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe ag Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, suite chomh gar le 25 ciliméadar de bhaile turasóireachta Chathair na Mart ar Chósta Calafoirt Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Ní fada an tsiúlóíd ón músaem go dtí Pointí Aitheantais Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag Cuan na Coime ar Acaill (uair go leith) agus Ceann Dhún Pádraig (uair an chloig) ar chósta mórthaibhseach Chéide.
 
Níl geata níos fearr ná Caisleán an Bharraigh isteach i roinn Mhaigh Eo de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bainfidh tú taitneamh as tránna leathana, radhairc áille chósta agus bailte agus sráidbhailte dathacha.
 
Ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, tum tú féin isteach sna scéalta spéisiúla, san oidhreacht shaibhir agus i dtraidisiúin chultúrtha réigiún Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
 
Téigh ag brabhsáil ar cheithre urlár na ngailearaithe taispeántais chun léargas den scoth a fháil ar a chliste agus a sheiftiúla a bhí ár sinsir thuaithe a mhair i dtailte Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
 
Cuir eolas ar iascaireacht an chearbháin ar Acaill agus ar staid na dtithe traidisiúnta ceann tuí atá le feiceáil ar fud an cheantair. Cuir eolas ar fhréamhacha na bhféilte ársa Cheilteacha atá á gceiliúradh i gcónaí inniu, agus ar an gceardaíocht agus ar na ceirdeanna a fheicfidh tú ar do bhealach.
 
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe suite ar bhealach an N5, ocht gciliméadar soir ó Chaisleán an Bharraigh.
 
Gheofar tuilleadh eolais faoi chuairt a thabhairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
 

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755