Scipeáil chuig ábhar

Breisoideachas agus Ardoideachas

Má tá tú ag déanamh staidéir ar Stair, Ealaín & Dearadh, Staidéir Oidhreachta nó ar dhisciplín gaolmhar, tá Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair – lán de réada lena mbeidh tú in ann do chuid taighde a dhéanamh beo.

 Is fíorchiste fionnta é agus rud ann atá tarraingteach do gach aois…
Léachtóir sa Stair, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nua


Turas

Is féidir turais shaincheaptha a éascú de ghnáth. Déan teagmháil le hOifig na nÁirithintí ar +353 1 6486453 nó le ríomhphost chuig bookings@museum.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil nó comhlánaigh foirm áirithinte ar líne.


Déan Iniúchadh

Dá mba mhaith leat cuairt a thabhairt ar an Músaem gan treoraí (nó roimh/tar éis do thurais/cheardlainne), tairgimid éagsúlacht d’acmhainní chun cuidiú leat an taispeántas a leanúint le do mhic léinn.
Ní mór do gach grúpa féin-stiúrtha áirithint a dhéanamh roimh ré. Bain úsáid as ár bhfoirm ar líne chun d’áirithint a dhéanamh.


Intéirneacht nó taithí oibre

Is féidir linn intéirneachtaí agus taithí oibre a éascú ag an tríú leibhéal. Déan teagmháil linn má tá spéis agat i socrúchán a fhiosrú.


Déan Imscrúdú

Do mhic léinn iarchéime a bhfuil spéis acu i ndéantáin ónar mbailiúchán forchoimeádta a fheiceáil, déan teagmháil le hOifigeach Dualgais Ealaíon agus Tionscail chun coinne a eagrú.


Breathnaigh

  • Seirbhísí Taighde

Más mian leat iarsma áirithe a scrúdú, nó féachaint ar ár gcartlann pháipéir, tabhair cuairt ar ár gcuid um Sheirbhís Taighde chun faisnéis bhreise a fháil.

  • Cuardach ar Dhéantán

Is féidir leat déantán a chuardach freisin agus ár gCuardach ar Dhéantán á úsáid.

  • Caomhnú

Faigh níos mó amach faoi conas a dhéanann an Músaem obair chaomhnaithe thábhachtach trí dhul leis an turas míosúil.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444