Scipeáil chuig ábhar

Pleanáil do chuairt i gcúig chéim éasca

Pleanáil do chuairt i gcúig chéim éasca. Agus coinnigh cuimhne go mbíonn cuairteanna ó scoileanna saor in aisce!

1. Féach ar ár liosta d’acmhainní, de thurais agus de cheardlanna.

Comhlíontar raon de naisc leis an gcuraclam ar leibhéal Bunscoile agus Iar-bhunscoile lenár ngníomhaíochtaí agus acmhainní.

2. Roghnaigh na dátaí agus na hamanna is fearr leat

Cuir in áirithe iad dhá sheachtaine ar a laghad roimh ré. Déan áirithint luath agus is dócha go bhfaighidh tú na dátaí agus na hamanna a theastaíonn uait.

3. Comhlánaigh foirm áirithinte a luaithe agus a bheidh turas nó ceardlann aimsithe agat ar mian leat iad a chur in áirithe

Nuair a dhéanfar d’áirithint a phróiseáil, seolfaimid dearbhú áirithinte chugat. Má tá ceist ar bith eile agat déan teagmháil le hoifig na n-áirithintí dár gcuid.

4. Bí ullmhaithe

Bain lántairbhe as do chuairt ar an Músaem le roinnt ullmhúcháin roimh ré – agus pleanáil obair tionscadail athleanúna do do sheomra ranga.

  • Íoslódáil do bhileoga gníomhaíochta nó do phaca gníomhaíochta
  • Lig i bhfios dúinn cén leabhar gníomhaíochta a bheadh oiriúnach do do ghrúpa i bhfad roimh ré ionas gur féidir linn iad a dhéanamh réidh duit ar do theacht
  • Priontáil do dhearbhú áirithinte agus tabhair leat é
  • Pleanáil chun grúpaí níos mó a roinnt ina ngrúpaí níos lú le haghaidh roinnt dár ngailearaithe níos lú
  • Bí ar an eolas faoin áit a bhfuil tú ag dul

5. Tar in am! Bíodh spraoi agat, foghlaim agus bí spreagtha!


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444