Scipeáil chuig ábhar

Go leanúnach

Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise

Saorchead isteach

Frances Lambe, ‘Curved Perforated Form’, Porcelain, 2011

Sa bhliain 2004 bhunaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Comhairle Ceardaíochta na hÉireann (ar tugadh an t-ainm nua Comhairle Dhearadh agus Cheardaíochta na hÉireann air i 2014), ciste comhcheannaigh chun míreanna a cheannach do bhailiúchán de cheardaíocht Éireannach na linne seo mar chuid de bhailiúcháin an mhúsaeim d'ealaíona maisiúla.

Tá rogha déantán a ceannaíodh leis an gciste seo ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann: Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, agus áirítear ann samplaí de scoth na hÉireann sa chriadóireacht, sa ghloine, sa troscán, sa deileadóireacht, sa tseodóireacht, in oiriúintí agus in earraí airgid,

Is slí é bailiú na saothar comhaimseartha ardcháilíochta seo ó dhearthóirí-déantóirí na hÉireann don bhailiúchán náisiúnta déantáin ársa an lae amárach a chaomhnú do na glúinte atá romhainn.

Is é príomhluach an nós bailithe seo tábhacht amhairc na ndéantán féin a ceannaíodh ar son mhuintir na hÉireann agus caomhnú na scileanna lena ndéantar iad.

Tá an taispeántas 'Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise', a cuireadh ar fáil ar dtús in 2011, curtha ar fáil againn arís chun bailiúchán an chiste chomhcheannaigh NMI/DCCOI a léiriú. Tá nuashonrú déanta ar an taispeántas chun roinnt rudaí a fuarthas le déanaí leis an gciste a áireamh ann.

 

Suíomh:


Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Léiríonn an taispeántas seo samplaí de scoth na hÉireann sa chriadóireacht, sa ghloine, sa troscán, sa deileadóireacht, sa tseodóireacht, in oiriúintí agus in earraí airgid.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444