Scipeáil chuig ábhar

Taispeántas buan

Airgead: Míle Bliain de Bhoinn Airgid & Airgeadra na hÉireann

Saorchead Isteach

Saorstat Eireann threepence, Ireland, 1928

Ó bhoinn mheánaoiseacha agus taiscí boinn, go nótaí bainc nua-aoiseacha; airíochtaí agus boinn; forbairt airgid pháipéir ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann; cártaí creidmheasa agus baincéireacht idirlín: an aidhm atá leis an taispeántas Airgead ná boinn a chur ina gcomhthéacs stairiúil, sóisialta agus eacnamaíoch. 

Déanann Airgead iniúchadh ar an mbealach a ndeachaigh úsáid airgid i gcion ar shaol na daoine agus ar an mbealach chun na críche sin a léirigh airgead treochtaí sóisialta agus eacnamaíocha. Maidir leis na boinn chomórtha, féachann sé ar an tábhacht a bhaineann leo go stairiúil ina gceart féin agus insíonn sé faoi chuid de na himeachtaí agus na gnéithe i stair na hÉireann nach bhfuil ar eolas go forleathan.

Buaicphointí an Taispeántais

  • An chéad mhonaíocht Éireannach buailte ag Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath
  • Pistoles óir uathúla de na 1640idí
  • An 't-airgead gunna' mícháiliúil de Rí Séamus II
  • Na teilgin phlástair a cuireadh isteach do mhonaíocht an tSaorstáit de 1928.

Na ceisteanna a chuireann an taispeántas Airgead

  • Cén fáth ar forbraíodh boinn in Éirinn agus conas a tharla sé?
  • Cad iad na fachtóirí polaitiúla, geografacha agus eacnamaíocha a théann i gcion ar úsáid bonn?
  • Cén tionchar a bhí ag mórimeachtaí polaitiúla mar Acht an Aontais agus bunú stáit nua-aoiseach na hÉireann ar bhoinn chomhaimseartha?

Baintear úsáid as amlíne leis na boinn ábhartha chun scéal na mbonn Éireannach a insint i bhfoirm chroineolaíoch, fad is a thugtar mionsonraí ar shaincheisteanna ar leith i spásanna an phríomhghailearaí. 

Cabhraíonn grafaic, formhéadú, méadú agus gnéithe idirghníomhacha chun an t-ábhar a dhéanamh beo agus tugann siad deis do chuairteoirí mionscrúdú a dhéanamh air.

Suíomh:


Airgead: Míle Bliain de Bhoinn Airgid & Airgeadra na hÉireann suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Déanann Airgead iniúchadh ar an mbealach a ndeachaigh úsáid airgid i gcion ar shaol na daoine agus ar an mbealach chun na críche sin a léirigh airgead treochtaí sóisialta agus eacnamaíocha.

Ealaíona Maisiúla & Stair

Stair bonn agus airgid in Éirinn

Foghlaim níos mó faoi bhoinn agus faoi airgead in Éirinn ón 10ú haois go dtí an lá inniu.

Léigh níos mó
Stair bonn agus airgid in Éirinn

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444