Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Rogha an Choimeádaí

Saorchead isteach

Tá 25 déantán sa taispeántas seo a roghnaigh coimeádaithe i Rannán Ealaíne & Tionscail an Ard-Mhúsaeim.  Tugtar aird ar leith sa ghailearaí seo ar Vása Fonthill - an chéad mhír den phoirceallán Síneach a thuairiscítear san Eoraip; meastar go bhfuil sé ar cheann de na seoda idirnáisiúnta is mó sa mhúsaem. 


I measc na ndéantán eile sa taispeántas seo tá clog deasghnách Seapánach atá breis is 2,000 bliain d’aois agus na lámhainní iarainn a chaith an Rí Liam ag Cath na Bóinne i 1690.

Iarradh ar choimeádaithe an Mhúsaeim a rogha déantán a roghnú. As na 25 mhír a roghnaíodh tá déantáin a bhaineann le clochmhílte móra sa saol polaitiúil agus míleata, agus déantáin eile a thugann léargas ar shlí mhaireachtála agus ar chreideamh ár sinsear.

Fíor darach de Naomh Molaise a sníodh sa 13ú haois dhéanach-14ú haois luath a fháiltíonn romhat isteach sa ghailearaí. Is é an naomh seo ón séú haois, a bhunaigh mainistir ar Oileán Inis Muirígh, Co. Shligigh, a fháiltíonn romhat. De réir an bhéaloidis, ba iad fir Chromaill a bhain an dá lámh de. Adhradh an dealbh seo i séipéal ar an oileán ar feadh na gcéadta bliain agus dhéantaí oilithreacht bhliantúil chuige. Aistríodh é lena choimeád in Ard-Mhúsaem na hÉireann nuair a d’fhág na háitritheoirí deireanacha an t-oileán i 1948.

Duine mór le rá eile ón stair a bhfuil earraí cuimhneacháin againn air is ea an Rí Liam III Shasana. Mar bhuíochas as fáilte a chur roimhe tar éis Chath na Bóinne, thug sé míreanna pearsanta, deacantar snoite ina measc, do John Dillon as Lios Muilinn. Taispeánann an bronntanas álainn seo caighdeán na gloine a bhí á cur ar fáil go gairid tar éis gloine luaidhe a dhéanamh den chéad uair. Taispeánann sé, leis, go mbíodh ceannairí míleata ag súil le compord an bhaile, fiú agus iad ar fheachtais mhíleata.

Nuair a tugadh pardún don pholaiteoir náisiúnach William Smith O’Brien, a díbríodh go dtí an Tasmáin as an pháirt a bhí aige in Éirí Amach 1848, thug a chomhthírigh onóir dó. Coimisiúnaíodh cupán bronntanais a rinneadh as ór 24 carat a baineadh as an talamh timpeall an ama sin, ó William Hackett, gabha óir ó Bhaile Átha Cliath a bhí ina chónaí i Melbourne an uair sin. Tá siombailí Éireannacha agus Astrálacha ar an gcupán, agus ar bharrghréas an chupáin tá Hibernia agus caipín na saoirse á iompar aige agus í ag cur coróin labhráis ar cheann Smith O’Brien. Ag smaoineamh ar na híobairtí a bhí déanta ag a chomhthírigh agus siombalachas na míre, bhronn Smith O’Brien é ar Acadamh Ríoga na hÉireann lena chaomhnú feasta.

I gcodarsnacht leis sin, siombailí de Pháis Chríost amháin atá greanta ar chloch in aice láimhe. Ábhair mhachnaimh ar feadh na gcéadta bliain do bhocht agus do shaibhir ar fud an domhain.ab ea na siombailí seo. Deirtear go bhfuarthas an chloch seo, a shnoigh duine de mhuintir na háite i 1740, i seomra beag caoch i gCnoc an Línsigh, Co. na Mí.  Meastar gur chloch altóra a bhí ann le linn aimsir na bpéindlíthe, nuair a deirtí an tAifreann faoi rún i dtithe mar sin agus ag carraigeacha Aifrinn.

Tá an-tábhacht idirnáisiúnta le Vása Fonthill, mír atá an-difriúil ón gcloch sin. Timpeall 1300 AD a rinneadh é sa tSín, as poirceallán ceileadóin.  Nuair a tugadh an vása chun na hEorpa go luath ina dhiaidh sin, caitheadh leis mar chloch scothlómhar agus mar sin gléasadh in airgead óraithe é. De bhrí gurbh éigean do cheithre chéad bliain eile gabháil thart sular thosaigh Eorpaigh ag déanamh poircealláin, bhí an-mheas ar dhéantáin mar seo.


Luaitear an vása seo, atá ar cheann de na míreanna de phoirceallán Síneach is fearr aithne ar domhan, anuas trí na cianta i mbailiúcháin Louis Mór na hUngáire, Shéarlas III Durazzo, Dauphin na Fraince agus William Beckford as Mainistir Fonthill.

Ní raibh an vása inaitheanta ón uair a baineadh an gléasadh de sa 19ú haois, agus cheannaigh an Músaem i gceant é i 1882 ar tuairim is £28.
 

Suíomh:


Rogha an Choimeádaí suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Cuir eolas ar na hEalaíona Maisiúla & ar an Stair trí 25 dhéantán speisialta ónár mBailiúcháin

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444