Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Eileen Gray

Saorchead Isteach

Non-Conformist Chair, Eileen Gray

Chomhlíon taispeántas Eileen Gray ceann d’uaillmhianta deiridh Gray – go dtabharfaí a cuid saothar ar ais go hÉirinn.  Meastar anois go raibh Gray ar dhuine de na dearthóirí agus na hailtirí ba mhó tionchar sa 20ú haois, agus tá nithe tábhachtacha cosúil leis an mbord cróim insocraithe agus an chathaoir neamhaontach le feiceáil sa taispeántas seo.

Onóir phearsanta do Gray is ea an taispeántas seo, leis. Tá grianghraif teaghlaigh, uirlisí laicearaithe agus ábhair phearsanta ghearrshaolacha dá cuid ann.
 Léiríonn sé forbairt ghairmiúil Gray ón uair a bhí sí ag déanamh staidéir ar an ealaín i Londain agus i bPáras go dtí go raibh sí ina hailtire aibí, nuálach.

Tugann an taispeántas seo ómós do chuimhne Eileen Gray, an t-ailtire agus an dearthóir nua-aimseartha féinmhúinte.


Bhí an tÉireannach Eileen Gray ar dhuine de phríomhcheannairí na gluaiseachta deartha nua-aimseartha.  Bhí cáil uirthi sa Fhrainc i dtús an 20ú haois mar dhuine a dhear troscán laicir agus an taobh istigh de thithe. Thosaigh sí ag obair le foirmeacha ailtireachta i ndeireadh na 1920í.

Ba ealaíontóir avant garde í, agus chuir sí spéis mhór sna gluaiseachtaí nua-ealaíne. Tháinig forbairt ar a stíl phearsanta i bPáras mar a raibh saol bríomhar ealaíonta. I saol an deartha, bhí cur chuige nua aici maidir le cruth, líne, úsáid dathanna, ábhair agus uigeachtaí, agus is spreagadh do dhearthóirí go dtí an lá inniu é an tuiscint a léiríonn sí do shaol an duine.
Ina saothair laicir agus ina cairpéid, rinne sí nasc radacach idir ceirdeanna traidisiúnta agus prionsabail an Fhóbhachais, an Chiúbachais, agus De Stijl. Dhírigh sí ar a dtréithe tadhlacha, cinéistéiseacha agus céadfacha agus leathnaigh sí an cur chuige sin go dtí an troscán nua-aimseartha. Ba í an chéad dearthóir í a d’oibrigh le cróm, sula ndeachaigh dearthóirí aitheanta cosúil le Le Corbusier, Charlotte Perriand, Mies Van der Rohe, agus Marcel Breuer, leis. Ba ise an chéad duine a d’úsáid alúmanam, ceallalóid, cruach fheadánach, bácailít agus corc ina dearthaí. Comhartha sóirt dá cuid dearthaí uathúla ba ea ceangal ar leith leis an bhfoirm agus leis an líne ghlan, ach bhí siad feidhmiúil, ciallmhar agus compordach i gcónaí chomh maith.

Ina dearadh intí, scar Gray í féin amach ó na prionsabail fearastaithe a bhí i réim roimhe sin.  Thug sí a troscán nua-aimseartha agus an maisiú drámatúil inmheánach le chéile trí choincheapa nua maidir le dathanna, uigeachtaí agus ábhair a úsáid.

Cé gurbh é sócúlacht chéadfach a cuid custaiméirí saibhre a spreag na chéad dearthaí intí uaithi, d’fhéach sí  leis na hathruithe ar an dearcadh polaitiúil agus sóisialta a léiriú ina hiarrachtaí san ailtireacht. I gcomparáid lena comhghleacaithe nár dhírigh ach ar fhoirmeacha aeistéitiúla den dearadh ailtireachta, bhí Gray ag díriú ar riachtanais síceolaíocha agus spioradálta an duine freisin. 
Mhúin Gray prionsabail na hailtireachta di féin, agus léiríonn foirgnimh Gray tuiscint iontach ar spás, úsáid solais agus pleanáil chliste. Bhí a cuid comhghleacaithe in éad léi mar gheall ar an tslí ar éirigh léi na smaointe seo ar fad a ionramháil, agus sin mar a chaith sí a saol, sa tóir ar réitigh nua, ag scrúdú na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as ábhair nua agus thar aon ní eile, ag dearadh ar son an duine. Léiriú spioradálta ar ráiteas pearsanta an cur chuige atá aici, agus í i gcónaí ag díriú ar riachtanais chultúr an duine.

Is beag aitheantas a thug a tír dhúchais di le linn a saoil, seachas sa taispeántas “Eileen Gray, Pioneer of Design.”, a bhí ar siúl i mBanc na hÉireann i samhradh na bliana 1973. Ba é Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann a d'eagraigh. Bhronn siad comhaltacht onórach uirthi ina dhiaidh sin.  Rinne Robin Walker, a bhí ag obair le Michael Scott & Partners, Architects ag an am, an cur síos seo a leanas uirthi sa deismireacht, “...she was probably the sole representative from Ireland wholly immersed as an outstanding exponent in the pioneering work of the modern movement...”
 

Suíomh:


Eileen Gray suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Buail le ceannródaí Éireannach an deartha agus na hailtireachta sa 20ú hAois. Scrúdaigh nua-aoiseachas trína dearadh intí agus troscán. Áirítear Tábla Cróim & Cathaoir Neamhaontach.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444