Scipeáil chuig ábhar

Go leanúnach

Ib Jorgensen – Súil Siar ar Fhaisean a Linne

Saorchead Isteach

Ní raibh Ib ach dhá bhliain is fiche nuair a d’oscail sé a salon féin tar éis céim i ndearadh éadaí a fháil ó Acadamh Dearadh Éadaí Grafton i mBaile Átha Cliath. Níorbh fhada go raibh ainm in airde air as a ghalánta agus a mhaisiúla a bhí na héadaí a rinne sé. Rinne sé cúram do gach mionrud ina chuid dearthaí, agus aithníodh a chuid éadaí as a dtáilliúireacht bhreá agus a mbailchríoch gan locht.

Bhí Ib chun tosaigh sa saol faisin in Éirinn ó thús deireadh a shaol oibre. Bhí sé ar an mbuíon bheag a bhunaigh Grúpa Haute Couture na hÉireann i 1962 agus chuaigh sé i gceannas ar Chumann Dearthóirí na hÉireann nuair a bunaíodh é i 1982. Sna 1970í, bhí a chuid éadaí ar díol i Seomra na nDearthóirí Idirnáisiúnta i siopa Harrod’s i Londain agus in Liberty of London. As sin d’oscail sé salon agus seomraí oibre i Londain i 1979. Dhear sé éide na n-aeróstach in Aer Lingus, i 1975 agus arís i 1986, agus an chéad éide do Chór Seirbhíse na mBan in Óglaigh na hÉireann, cór a bunaíodh i 1980.

Súil siar ar shaol fada oibre Ib atá sa taispeántas seo. Taispeántar daichead ball éadaigh, idir éadaí lae, éadaí manglaim agus éadaí tráthnóna a dhear Ib in imeacht tríocha a cúig bliain, mar aon leis na grianghraif agus na pictiúir a tógadh díobh a chéaduair.

Dearthóir teicstílí ab ea Patricia, a chéad bhean, agus ba ise a chruthaigh na dearthaí don lámh-mhaisiú costasach coirníneach, appliqué agus bróidnéireachta a chonacthas go minic ar éadaí tráthnóna Ib.

Tá roinnt ball éadaigh ardmhaisithe sa taispeántas seo. Díol suntais is ea an gúna tráthnóna coirníneach de shíoda óir agus cóta a ghabh leis a rinneadh do Harriet Donnelly (née Harris), a bhí ina réalta sa scannán Camelot. Do Anne Heseltine, bean an Fheisire Westminster Michael Heseltine, a rinneadh an cóta tráthnóna veilbhite coirníneach i 1988.

Fuarthas cuid de na héadaí don taispeántas seo i bhfoirm bhronntanas ó iarchliaint de chuid Ib – An Bhantiarna Heseltine agus Nyda Prenn nach maireann ina measc agus fuarthas éadaí eile ar iasacht óna n-úinéirí. Ina measc sin tá gúna síoda tráthnóna dubh agus bán ó na 1960í a thug Sonya Lennon ar iasacht. Cheannaigh sise é mar bhall éadaigh seanré.

Thug an Tiarna agus an Bhantiarna Rosse as Caisleán Bhiorra gúna manglaim ar iasacht as an mbailíúchán ag Caisleán Bhiorra. Fuadh gach coirnín de láimh ar an ngúna agus tá cóta de shíoda organsa ag gabháil leis. Do Anne, iar-Chuntaois Rosse, a thacaigh go mór le couture na hÉireann, a dearadh na héadaí seo.

Suíomh:


Ib Jorgensen – Súil Siar ar Fhaisean a Linne suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Ó na 1950í go dtí na 1990í, bhí Ib Jorgensen, a rugadh sa Danmhairg, ar dhuine de na dearthóirí faisin ba mhó in Éirinn.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444