Scipeáil chuig ábhar

Go dtí Aibreán 2020

Fócas Ar Éirinn: Na 1950í i nGrianghraif

Saorchead Isteach

Races, Thurles, Ireland, June 1952, Henri Cartier Bresson

Féachtar le béim a leagan ar an radharc a fuair triúr ghrianghrafadóirí, as an Fhrainc agus as Meiriceá Thuaidh, ar Éirinn, ó na háiteanna ar thug siad cuairt orthu agus na daoine a roghnaigh siad do ghrianghraif.

Ba é Henri Cartier-Bresson duine den triúr sin. Meastar nach raibh a shárú ann riamh mar ghrianghrafadóir. Thug sé dhá chuairt ar Éirinn le pictiúir a thógáil. Tháinig sé go Baile Átha Cliath i Meitheamh 1952, ar son irisleabhar Harper’s Bazaar, agus d’fhill ar saoire i nDeireadh Fómhair 1962. Thaistil sé ar fud na tíre an dá uair, agus thóg grianghraif i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, An Iarmhí, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh, Port Láirge agus Loch Garman. Meastar gur taifid fhíseacha neamhchoitianta d’Éirinn sna 1950í na pictiúir a thóg sé de thírdhreacha, radhairc shráide, portráidí agus imeachtaí poiblí, agus nach bhfuil a macasamhla ann.

Tá caoga íomhá á dtabhairt ar iasacht ag Fondation Henri Cartier-Bresson i bPáras d’Ard-Mhúsaem na hÉireann le haghaidh an taispeántais. Cuid de na híomhánna seo, níor taispeánadh riamh roimhe seo iad. Le hais grianghraif Cartier-Bresson, taispeánfar rogha grianghraf ó dhá cheann eile de bhailiúcháin thábhachtacha grianghraf a cruthaíodh sna 1950í.

Thaistil an grianghrafadóír cáiliúil Meiriceánach Dorothea Lange go hÉirinn i 1954 ar son irisleabhar Life. Beidh rogha grianghraf ó Chontae an Chláir, mar ar thóg sí os cionn dhá mhíle grianghraf, ina gcuid den taispeántas. 

Ina dteannta sin, taispeánfar grianghraif a thóg Robert Cresswell, antraipeolaí Meiriceánach a chaith breis is bliain idir 1955 agus 1956 i gCinn Mhara. I bPáras a bhí cónaí air. Thóg Cresswell os cionn ceithre chéad ghrianghraf i gceantar Chill Mhara, sraith eisceachtúil sleamhnán Kodakchrome ina measc. Tógadh na grianghraif mar chuid d’obair allamuigh a rinne sé i bpobal tuaithe a bhí ag athrú sna 1950í. D’fhoilsigh sé a bhfuair sé i leabhar a bhfuil cáil air anois mar staidéar antraipeolaíochta den scoth ar shaol na tuaithe, Une Communauté Rurale de l’Irlande.

Suíomh:


Fócas Ar Éirinn: Na 1950í i nGrianghraif suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Sa taispeántas, Fócas Ar Éirinn: Na 1950í i nGrianghraif, feictear íomhánna nach bhfeictear go minic as trí cinn de bhailiúcháin grianghraf a tiomsaíodh le linn thréimhse an-dúshlánach in Éirinn san fhichiú haois.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444