Scipeáil chuig ábhar

Taispeántais Reatha

Cogaí na hÉireann 1919 – 1923

Saorchead isteach

E. Coy A.S.U. 3rd Batt. Dublin Brigade IRA patrolling on Grafton Street July 1921

Feicfidh cuairteoirí ar an taispeántas os cionn 50 déantán atá ar taispeáint den chéad uair riamh mar aon le míreanna nua grafaice agus AV, chomh maith le léirmhínithe nua ar théamaí ar nós: an easumhlaíocht shibhialta, príosúnúnacht, stailc ocrais, bolscaireacht, na mná i mbun troda agus tionchair na coimhlinte ar shibhialtaigh – ar mhaithe le tuiscint an phobail ar an tréimhse chasta seo de stair na hÉireann a mhéadú.

Labhair an Dr Audrey Whitty, Ceann na mBailiúchán agus na Foghlama ag Ard-Mhúsaem na hÉireann faoin taispeántas le déanaí ar raidió RTÉ radio 1.

Ar na míreanna ó chúlbhailiúchán an Ard-Mhúsaeim atá á gcur ar taispeáint den chéad uair le 15 bliana, lena n-áirítear maisc mhairbh de chuid Airt Uí Ghríofa, Mhíchíl Uí Choileáin, Chathail Bhrugha agus Thraolaigh Mhic Shuibhne;

Dhá dhéantán ar leith sa taispeántas, is iasachtaí iad ó bhailiúcháin phríobháideacha teaghlaigh. Ceann amháin is ea comhad faisnéise IRA atá digitithe agus ar taispeáint don phobal den chéad uair, agus gruaig a bearradh ó bhean in ‘bobáil’ nó ‘bearradh pionóis’ an ceann eile. Fuarthas an ghruaig i seilbh Michael Barry nuair a gabhadh é i 1920.

Míreanna nua eile sa taispeántas is ea nóta a scríobh Airt Ó Gríofa nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach inar dhearbhaigh sé “The end of the conflict of the centuries is at hand’; dornaisc RIC a bhí á gcaitheamh ag Seán Hogan nuair a thug Briogáid Thiobraid Árann den IRA slán é ag Cnoc Loinge, 1919; airm thrialacha a rinne an tIRA; míreanna a úsáideadh in éaluithe as príosúin Lincoln, Mhuinseo agus Chill Mhaighneann; lián as eitleán Briotanach a scriosadh ag Cill Fhíonáin, Co. Luimnigh, 1921          

Tá raon acmhainní ilmheán ag tacú leis an taispeántas seo, lena n-áirítear nuachtscannán ón tréimhse sin a chuir Institiúid Scannán na hÉireann ar fáil d’ócáidí stad agus cuardaigh, sochraidí, agus gabhálacha agus scrios a rinne an tIRA idir 1919 – 1923.

Dúirt Brenda Malone, Coimeádaí Chogaí na hÉireann 1919 – 1923: “Gné ar leith den taispeántas athshamhlaithe de Chogaí na hÉireann is ea an fócas ar scéalta pearsanta na ngnáthdhaoine a bhí bainteach leis na gníomhartha uafásacha agus na tragóidí a tharla ar an dá thaobh. Agus muid á chur i dtoll a chéile, bhí an deis againn é a leathnú amach agus scéalta nár chualathas mórán roimhe seo, amhail scéal na mban a bhí páirteach sa chomhlint, a chur san áireamh ann.”

Suíomh:


Cogaí na hÉireann 1919 – 1923 suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Baineann Cogaí na hÉireann 1919 – 1923 leis an mbuantaispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh, ach rinneadh é a athshamhlú cuid mhór mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444