Scipeáil chuig ábhar

2020

Ag Mairseáil ar an mBóthar chun na Saoirse: Dáil Éireann 1919

Saorchead isteach

I dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ar an 21 Eanáir 1919 a osclaíodh an chéad Dáil Éireann go foirmiúil. Den 69 dteachta a toghadh chun na Dála, 27 is ea a d’fhreastail ar an gcéad chruinniú; bhí an 42 eile ar iarraidh, a bhformhór i bpríosún. Bhí timpeall 2,000 duine i láthair ar an ócáid, iriseoirí a bhformhór.

Chuir rialtas na Breataine toirmeasc le Dáil Éireann i Meán Fómhair 1919, agus ón bpointe sin amach mhéadaigh ar an gciapadh ar airí agus oifigigh na Dála, ionas gurbh éigean dóibh a gcuid cruinnithe a thionól in áiteanna éagsúla. Dá bhrí sin, ba bheag reachtaíocht a ritheadh, cé gur éirigh leo rudaí eile a bhaint amach, mar shampla £370,00 a bhailiú trí Iasacht Náisiúnta Dháil Éireann.
Faoin am ar osclaíodh Dáil Éireann go foirmiúil, bhí an foréigean idir na náisiúnaithe agus fórsaí na Breataine ag géarú. Ar an lá a tionóladh chéad chruinniú na Dála, an 21 Eanáir 1919, rinne naonúr Óglach as 3ú Briogáid Thiobraid Árann luíochán ag Sulchóid Bheag, Co. Thiobraid Árann. Ag féachaint siar, d’áireofaí an luíochán ag Sulchóid Bheag mar an gcéad chomhrac i gCogadh na Saoirse.
Beidh an taispeántas ann go deireadh 2019, agus beidh imeachtaí éagsúla ar théamaí gaolmhara á n-eagrú i gcaitheamh na bliana.
 

Suíomh:


Ag Mairseáil ar an mBóthar chun na Saoirse: Dáil Éireann 1919 suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Taispeántas nua ina gcomóirtear cothrom céad bliain ón gcéad tionól de Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444