Scipeáil chuig ábhar

2020

Niamh Barry Solas ar Domhan

Niamh i mbun oibre ina stiúideo
Féachaim le rudaí a dhéanamh nach é a n-úsáideacht an t-aon fhiúntas atá leo. Bím ar thóir na simplíochta agus na foirfeachta, agus bím ag brath ar chothromaíocht don tsúil, ar ghluaiseacht agus ar choibhneas’ - Niamh Barry 2018


Le 20 bliain anuas tá Niamh Barry, ealaíontóir agus dealbhóir, tar éis claochlú a dhéanamh ar theorainneacha an tsoilsithe dealbhóireachta, ag díriú ar chothromaíocht, ar ghluaiseacht agus ar líne. Samhlaítear í le dearadh soilsithe agus le soilsiú dealbhóireachta anseo in Éirinn agus i gcéin.

Cuid de shaothair aitheantais Barry, crochtar den tsíleáil iad, cuid eile, seasann siad go neamhspleách ag tarraingt na súile ó gach rud eile sa spás céanna. Foirmeacha cré-umha nó cruach dhosmálta atá iontu, ina mbíonn stiallacha lámhghearrtha de LEDanna bídeacha.

Bhronn Barry fréamhshamhail dá sraith Fouette ar Ard-Mhúsaem na hÉireann le linn don taispeántas seo a bheith ar oscailt. Scrúdaítear sa taispeántas scéal oibre Niamh, éagsúlacht na míreanna agus a stíl dhinimiciúil.  Bhí an taispeántas Niamh Barry Light on Earth le feiceáil i Londain, i San Francisco agus i Nua-Eabhrac roimhe seo agus tá an-áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann é a chur i láthair anois. Beidh an taispeántas ann go deireadh 2019, agus beidh imeachtaí éagsúla ar théamaí gaolmhara á n-eagrú i gcaitheamh na bliana.

Suíomh: Gheofar Niamh Barry Light on Earth sa ghailearaí Ceithre Chéad Bliain de Throscán agus d'Fhearas Tí

Suíomh:


Niamh Barry Solas ar Domhan suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Ceiliúrtar sa taispeántas seo soilsiú dealbhóireachta an ealaíontóra Éireannaigh Niamh Barry a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444