Scipeáil chuig ábhar

Go dtí Aibreán 2020

Dearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916

Saorchead Isteach

Tá traidisiún aitheanta ag Ard-Mhúsaem na hÉireann de thaispeántais a bhaineann le Seachtain na Cásca 1916. Beidh an taispeántas is mó riamh d-iarsmaí ón tréimhse seo á chur ar siúl ag an Músaem i dtaispeántas nua dar teidealDearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916 sa Mhúsaem Ealaíon Maisiúil agus Staire i nDún Uí Choileáin, agus é á oscailt ar 3 Márta 2016.

Ní raibh cuid mhór de na nithe a bheidh ar taispeáint ar taispeáint go poiblí roimhe seo, agus táthar tar éis cinn eile, amhail bratach Phoblacht na hÉireann, rud a bhí ar foluain os cionn Ard-Oifig an Phoist, a chaomhnú go speisialta don ócáid. Trí éifeacht chomhcheangailte na nithe, na bhfocal agus na n-íomhánna ón tréimhse sin a bheidh ar taispeáint, cuirfear fíorchás eachtraí Sheachtain na Cásca faoi bhráid chuairteoirí an taispeántais, agus iad ag leanúint scéalta na ndaoine a bhí sáinnithe in eachtraí na seachtaine cinniúnaí sin, idir shibhialtaigh, throdairí agus mharthanóirí.


Scrúdaíonn an taispeántas cúlra 1916. Tugann sé eolas do chuairteoirí ar mhionsonraí eachtraí polaitiúla na linne sin: teacht chun cinn na scothaicme Caitlicí; an ghluaiseacht ar son Rialtas Dúchais agus an cur ina aghaidh sin ag aontachtaithe; an borradh faoi ghnéithe Gaelacha/Éireannacha de ghluaiseachtaí ealaíon agus cultúrtha na tréimhse sin agus fás an náisiúnachais phoblachtaigh. Léireofar cuntais do chuairteoirí ar na daoine agus na heagraíochtaí a bhí páirteach i saol na polaitíochta in 1916, agus an pholaitíocht sin ag éirí níos míleata. Ach tugannDearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916 eispéireas uathúil do chuairteoirí ar dhaoine agus eachtraí Sheachtain na Cásca trí ghnáthshealúchas pearsanta na ndaoine a bhí páirteach ann a chur faoina mbráid.

Leanfaidh cuairteoirí na reibiliúnaigh agus iad ag bunú garastún ar fud na cathrach agus an méid beag comhraic a tharla taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Inseofar scéal na n-eachtraí a thit amach de réir mar a scaip an comhrac ar fud na cathrach le nithe sealúchais agus cuimhneacháin phearsanta. Feicfidh cuairteoirí rudaí amhail na héadaí a bhí á chaitheamh ag na reibiliúnaigh agus iad ag rith trí láthair chatha 1916; na huaireadóirí a úsáideadh chun na teachtaireachtaí a uainiú, na piléir agus na beaignití lenar gortaíodh daoine; cumharshalann lenar tugadh daoine gortaithe chucu féin arís agus na chéad fhearais gharchabhrach a úsáideadh go cróga chun fulaingt na ndaoine a bhí gortaithe nó ag fáil bháis a mhaolú. In éineacht le scéal na reibiliúnach, insítear scéalta pearsanta na sibhialtach a bhí sáinnithe sa chroslámhach le hiarsmaí tréana corraitheacha, amhail cros chéasta a bhí pollta ag piléar ar strae.


Tabharfaidh radhairc de ghéilleadh na reibiliúnach i measc bhrablach lár na cathrach agus de thabhairt isteach dhlí an airm, cuairteoirí ó na garastúin láthair chatha chuig na beairicí agus príosúin ina coinníodh na reibiliúnaigh agus reibiliúnaigh amhrasta ina dhiaidh sin. Taispeánfar na litreacha deireanacha a bhí scríofa acu siúd a daoradh chun báis, i spás dubhach ómósach. Agus iad scríofa de láimh, tá smaointe, mothúcháin agus tuairimí deireanacha cheannairí Sheachtain na Cásca le fáil iontu. Is féidir le cuairteoirí na focail chorraitheacha seo a léamh anseo, chomh maith le héisteacht le léimh dhrámatúla ón lá atá inniu ann.


Feicfidh cuairteoirí scéalta na ndaoine a cuireadh i gcarcair agus i ngéibheann. Taispeánfar ealaíona agus ceardaíocht na gcampaí géibhinn, in éineacht le suaitheantais agus caipíní, chun gur féidir le cuairteoirí eolas a chur ar an saol laethúil mar a bhí sé i measc iad siúd a raibh cónaí orthu sna campaí. Tugann an taispeántas cuntas chomh maith ar theaghlaigh na reibiliúnach agus iad ag plé le hiarmhairt na Cúirte Míleata, bhású agus chur i gcarcair na bhfear. Den chéad uair, beidh cuairteoirí in ann teacht ar eolas faoi bhailiúcháin chuimsitheacha an Mhúsaeim maidir le Seachtain na Cásca chomh maith.


Is é Poblacht a Fhógairt: Éirí Amach 1916 an ghné is déanaí de shraith Ard-Mhúsaem na hÉireann de thaispeántais faoi Sheachtain na Cásca. Tá sé ann chun gur féidir machnamh a dhéanamh ar chéad bliain de bhailiú, comóradh agus ceiliúradh na nithe fisiceacha atá mar cheangal inláimhsithe deiridh againn le fir, mná agus páistí 1916. Beidh deis ag cuairteoirí bunachar bailiúcháin chuimsitheach Sheachtain na Cásca an Mhúsaeim a imscrúdú don chéad uair riamh.

235 objects from this exhibition are available from our Historical Collections Online.

Suíomh:


Dearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916 suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Trí éifeacht chomhcheangailte na nithe, na bhfocal agus na n-íomhánna ón tréimhse sin a bheidh ar taispeáint, cuirfear fíorchás eachtraí Sheachtain na Cásca faoi bhráid chuairteoirí an taispeántais, agus iad ag leanúint scéalta na ndaoine a bhí sáinnithe in eachtraí na seachtaine cinniúnaí sin, idir shibhialtaigh, throdairí agus mharthanóirí.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444