Scipeáil chuig ábhar

Leanúnach

Seomraí Athchruthaithe: Ceithre Chéad Bliain den Troscánaíocht

Saorchead Isteach

Art Deco Bedroom Frederick McManus (1933)

Trí chuntas a thabhairt ar amanna atá thart, lámh a leagan ar dhéantáin agus léamh faoin saol sna tréimhsí i dtrácht, féachtar tríd an taispeántas, Seomraí Athchruthaithe:  Ceithre Chéad Bliain den Troscánaíocht scéal an troscáin in Éirinn ó 1600 go dtí an lá atá inniu ann a insint.

Tá gailearaí idirghníomhach ag gabháil leis ina dtugtar cuireadh do chuairteoirí lámh a leagan ar chathaoireacha, iad a scrúdú agus a fhiosrú, agus foghlaim faoi dhearadh na cathaoireach le dhá chéad bliain anuas.

Taispeántar an troscán i sraith seomraí feistithe. Ina measc tá seomra ar stíl an 17ú haois, le troscán agus painéil darach, seomraí ina bhfeicfear áilleacht chúirialta an troscáin Sheoirsigh agus seomraí eile de throscán atá ar ardstíl an 19ú haois.

Léiríonn an taispeántas freisin míreanna den bhailiúchán troscáin idirnáisiúnta, nár taispeánadh le blianta fada.
Mar mhaisiú ar an troscán, feicfear déantáin ar nós teicstílí, gréithe airgid, gloine agus ceirmeacht, ó bhailiúcháin eile.


.

Go dtí an lá atá innu ann

Is é an troscán nua-aoiseach ón 1900 go dtí an lá atá inniu ann is ábhar don ghailearaí troscáin ón 20ú haois.  I measc na míreanna de throscán Éireannach atá ar taispeáint tá míreanna ó ghluaiseachtaí deartha éagsúla – Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta, an Art Nouveau, seomra codlata Art Deco, agus stíl nua-aimseartha na 1950í. . Taispeántar freisin saothair ó scoth na ndearthóirí troscáin comhaimseartha agus na ndeileadóirí in Éirinn.

Tá an taispeántas ar siúl ar an dara hurlár i seomraí a cúig agus a sé.

 

Suíomh:


Seomraí Athchruthaithe: Ceithre Chéad Bliain den Troscánaíocht suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Siúil trí Cheithre Chéad Bliain den Troscánaíocht, ón ré Sheoirseach go dtí an lá atá inniu ann.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444