Scipeáil chuig ábhar

An Gunna Machaire 18 bpunt 9168: A bhí caillte ach atá faighte ar ais

Saorchead isteach

Tá gunna machaire 18 bpunt a bhfuil cúlscéal suimiúil aige ag dul ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla & Stair inniu, ar iasacht ó Óglaigh na hÉireann.
 
San Albain a rinneadh é (timpeall 1918) agus úsáideadh é ar seirbhís chogaidh sa Fhrainc. Ina dhiaidh sin úsáideadh é sa Chogadh Cathartha ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Is iarsma fíorspéisiúil é an Gunna Machaire 18 bpunt 9168, a coinníodh ó shin i ngort ciúin eidhneáin laistiar den Lazy Susan Dinner Theatre in Virginia, SAM, de bhlianta luath saoirse na hÉireann.
 
Ba é an gunna seo an gunna caighdeánach airtléire éadrom a d’úsáid fórsaí na Breataine agus an Chomhlathais sa Chéad Chogadh Domhanda. Rinne suas le 250,000 Éireannach seirbhís in Arm na Breataine ag an am seo, agus bhí go leor acu ina ngunnadóirí a d’úsáid airm mhóra, mar an gunna 18 bpunt seo, ar an bhFronta.
 
Cheannaigh stát nua na hÉireann an Gunna Machaire 18 bpunt 9168 ó fhórsaí na Breataine agus iad ag imeacht as an tír agus úsáideadh é linn an Chogaidh Chathartha in 1922-1923. Is dócha go raibh sé ar cheann díobh sin a úsáideadh in aghaidh fhórsaí Frith-Chonartha an IRA a raibh seilbh acu ar na Ceithre Cúirteanna (agus Oifig Taifead Poiblí na hÉireann) mar chuid de Chath Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 1922.
Úsáideadh an gunna ina dhiaidh sin i gcúltaca Óglaigh na hÉireann go dtí 1959 nuair a díoladh é mar chuid de lán loinge airtléire agus meaisínghunnaí leis an International Armament Corporation (InterArmCo) in Alexandria, Virginia sna Stáit Aontaithe. Ba fhear a bhí tar éis amharclann agus bialann a cheannach ag féachaint amach ar Abhainn Occoquan cúpla míle ó Alexandria, a cheannaigh an gunna lena chur ar taispeáint lasmuigh den bhialann, mar a raibh sé ar feadh 40 bliain.
 

Suíomh:


An Gunna Machaire 18 bpunt 9168: A bhí caillte ach atá faighte ar ais suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Cuirtear Gunna Machaire a raibh taifead fada seirbhíse aige in Éirinn ar taispeáint go poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann tar éis teacht air gan choinne i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus é a thabhairt ar ais
 
Beidh an gunna seo ar taispeáint tamall gearr tar éis 100 bliain d’aistriú Dhún Uí Choileáin a chomóradh

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444